Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/290

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
280
Caib. XIX. 7
EÓIN

ní bhfaghaim-se aon choir ann. 7D’fhreagair na Iúdaigh: Tá dlígh againne, agus do réir na dlighe sin is ceart dó bás d’fhághail, de bhrígh gur dhein sé Mac Dé dhe féin. 8Nuair airigh Pílát an focal san tháinig tuille eagla air. 9Agus chuaidh sé isteach sa chúirt airís agus dubhairt sé le h-Íosa: Cad as duit-se? Ach níor thug Íosa freagra air. 10Dubhairt Pílát leis, d’á bhrígh sin: An amhlaidh ná labharfair liom? Ná fuil fhios agat go bhfuil ar mo chumas-sa thú chéasadh, agus go bhfuil ar mo chumas thú leigint saor? 11D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.

12Agus as san amach bhí Pílát a d’iarraidh é leigint saor. Ach do liúigh na Iúdaigh, agus dubhradar: Má leigeann tú saor é seo ní cara do Chaesar tu; Óir, gach aoinne a dheineann rí dhe féin labhrann sé i n-aghaidh Chaesair. 13Nuair a dh’airigh Pílát na focail sin do thug sé Íosa leis amach, agus do shuidh sé sa chathaoir bhreitheamhntais, sa n-áit ar a dtugtar Litostrótos; sa teangain Eabhra, ámhthach, Gabbata. 14Agus b’é lá ollamhuighthe na Cásga é, tímpal an sémhadh h-uair, agus dubhairt sé leis na Iúdaigh: Féach bhúr rí:[* 1] 15Ach do liúghadar: Tóg uainn é, tóg uainn é; céas é! Dubhairt Pílát leó: An ndéanfad bhúr rí do chéasadh? D’fhreagair na h-árd-shagairt: Ní’l aon rí againn ach Caesar. 16Ansan do thug sé suas dóibh é le céasadh. 17Agus thógadar Íosa, agus do rugadar leó amach é.


Agus [1]ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa teangain Eabhra, 18Mar ar chéasadar é, agus beirt eile ’n-a theannta, duine ar gach taobh, agus Íosa i lár baill. 19Agus do sgríbh Pílát teidiol, agus chuir sé ar an gcrois é. Agus b’ é seo an sgríbhinn: ÍOSA NASARÉNACH. RÍ NA N-IÚDACH. 20Agus do léigh

  1. Ver. 14. “Lá ollamhuighthe na Cásga,” .i. an Lá roim Shabbóid na cásga, “Parascevé” a tugtí ar gach oidhche chásga, .i. “oidhche an ollmhúcháin.” Ách b’í seo oidhche na Sabbóide mhóire, .i. oidhche na Sabbóid seachtmhaine na cásga.