Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/284

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
274
Caib. XVI. 26
EÓIN

uídibh, ach neósfad daoibh go soiléir i dtaobh an Athar. 26Sa lá san iarrfaidh sibh am’ ainim-se agus ní deirim libh go nguidhfead an t-Athair ar bhúr son; 27Óir tá grádh ag an Athair féin daoibh, toisg grádh bheith agaibh dómh-sa agus gur chreideabhair gur ó Dhia do ghluaiseas. 28Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánag ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.

29Dubhairt a dheisgiobuil leis: Féach, anois taoí ag labhairt go soiléir, agus ní h-aon tsoluíd atá agat d’á labhairt. 30Tá fhios againn anois go bhfuil fios gach uile nídh agat, agus nách gádh dhuit aoinne bheith ’ghad’ cheistiú: as so creidimíd gur ó Dhia a ghluaisís. 31D’fhreagair Íosa iad: An gcreideann sibh anois? 32[1]Féach, tá an tráth ag teacht, agus tá sé tagaithe cheana féin, ’n-a sgaipfar sibh, gach duine chun a choda féin, agus ’n-a bhfágfaidh sibh mise am’ aonar; ach ní’lim am’ aonar, mar tá an t-Athair am’ fhochair. 33Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothcháin agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.



CAIBIDIOL XVII.

Guidhe Chríost ar son a dheisgiobul.


1Do labhair Íosa an chaint sin, agus ansan do thóg sé a shúile suas chun na bhflathas, agus dubhairt sé: A Athair, tá an uair tagaithe; tabhair glóire do d’Mhac ionus go dtabharfadh do Mhac glóire dhuit: 2Fé mar a thugais dó cómhacht os cionn gach feóla, ionus, gach ar thugais dó, go dtabharfadh sé dhóibh beatha shíoruidhe. 3Agus isí seo an bheatha shíoruidhe, go gcuirfidís aithne ort-sa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost a chuiris uait. 4Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom le déanamh. 5Agus soillsigh-se mise anois, a Athair, ad’ fhochair féin, leis an soillseacht a bhí agam ad’ fhochair sar a raibh an domhan ar bith.