Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/285

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVII. 6
275
EÓIN

6Do nochtas t’ainim do sna daoine a thugais dom as an saoghal; ba leat-sa iad, agus thugais dómh-sa iad; agus tá do bhriathar coimeádta acu. 7Tá fhios acu anois gurab uait-se gach nídh d’á dtugais dómh-sa. 8Óir, na bréithre a thugais dom, do thugas dóibh iad; agus do ghlacadar iad, agus is eól dóibh go fíor gur uait-se a thánag, agus do chreideadar gur tú a chuir uait mé.

9Guidhim ortha; ní h-ar an saoghal a ghuidhim, ach ortha so a thugais-se dhom; mar is leat-sa iad. 10Agus is liom-sa gach nídh is leat-sa, agus is leat-sa gach nídh is liom-sa; agus táim soillsighthe ionta. 11Agus nílim ar an saoghal feasda, agus táid siad so ar an saoghal, agus táimse ag dul ag triall ort-sa. A Athair naomhtha, coimeád, at’ ainim féin, an mhuintir a thugais dómh-sa, ionus go mba h-aon iad, fé mar is aon sinne. 12An fhaid a bhíos ’n-a bhfochair ar an saoghal do choimeádas iad at’ ainim-se. An mhuintir a thugais dom do choimeádas iad, agus níor imthigh íde ar aoinne acu ach ar mhac na h-íde, [1]ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir. 13Ach anois táim ag teacht ag triall ort-sa; agus tá an chaint seo agam ’á rádh ar an saoghal, ionus go mbeadh acu, iomlán ionta féin, an t-áthas is liom-sa. 14Thugas-sa dhóibh do bhriathar-sa; agus do thug an saoghal fuath dhóibh, óir ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise. 15Ní’lim ’ghá iarraidh go dtógfá as an saoghal iad, ach go gcoimeádfá saor ó’n olc iad. 16Ní de’n tsaoghal iad, fé mar nách de’n tsaoghal mise. 17Dein iad do naomhú sa bhfírinne. Is fírinne do bhriathar. 18Fé mar a chuiris-se uait mise isteach sa tsaoghal, do chuireas-sa uaim iad so isteach sa tsaoghal. 19Agus naomhuighim-se mé féin ar a son, ionus go mbeidís sin, leis, naomhtha sa bhfírinne.

20Ní h-ar a son amháin, ámhthach, atáim ag guidhe, ach, mar an gcéadna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam tré n-a mbriathar; 21Ionus go mb’ aon iad go léir, fé mar ataoí-se, a Athair, ionam-sa agus mise ionat-sa; go mbeidís seo ’n-a n-aon ionainn; i dtreó go gcreidfeadh an saoghal gur chuiris-se uait mé.

  1. Salm. cviii. 8.