na neithe atá le teacht.[* 1] 14Tabharfaidh sé sin glóire dhómh-sa, óir is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se. 15Gach uile nídh atá ag an Athair is liom-sa é. Uime sin iseadh adubhart: Is de m’ chuid-se a ghlacfaidh sé agus a neósfaidh sé dhaoibh-se.
16Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus ansan tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; mar táim ag dul ag triall ar an Athair.
17Ansan dubhairt cuid d’á dheisgiobulaibh le n-a chéile: Cad é seo adeir sé linn? Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus tamall beag airís, agus chífidh sibh mé; agus, Mar táim ag dul ag triall ar an Athair? 18Agus dubhradar: Cad é seo adeir sé, Tamall beag? Ní fheadramair cad ’deir sé.
19Agus bhí fhios ag Íosa gur mhian leó é cheistiú; agus dubhairt sé leó: Táthaoí ag ceistiúchán eadraibh féin i dtaobh an fhocail sin adubhart: Tamall beag, agus ní fheicfidh sibh mé; agus, tamall beag airís, agus chífidh sibh mé. 20Go deimhin, deimhin, adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais. 21Nuair a bhíonn an bhean i mbreóiteacht clainne, bíonn buaireamh uirthi, toisg a h-am a bheith tagaithe ach nuair a bheireann sí an mac, ní bhíonn cuimhne aici ar an dteinneas, mar gheall ar an áthas, toisg duine bheith tagaithe ar an saoghal. 22Sin mar atá buaireamh oraibh-se anois, ach chífead-sa sibh airís, agus beidh áthas ar bhúr gcroidhe; agus ní bhainfidh aoinne bhúr n-áthas díbh. 23Agus ní fhiafróchaidh sibh aon nídh dhíom-sa an lá san. [1]Go deimhin, deimhin, adeirim libh, má iarrann sibh aon rud ar an Athair am’ ainim tabharfaidh sé dhaoibh é. 24Go dtí so níor iarrabhair aon nídh am’ ainim: Iarraidh, agus gheobhaidh sibh, ionus go mbeadh bhúr n-áthas iomlán.
25Do labhras na neithe seo libh i bhfuirm soluídí. Tá an t-am ag teacht nuair ná labharfad libh feasda i sol-
- ↑ Mait. vii. 7, xxi. 22; Marc. xi. 24; Lúc. xi. 9; Supra xiv. 13; Séam. i. 5.