Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/282

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
272
Caib. XVI. 1
EÓIN


CAIBIDIOL XVI.

Críochnú cainte Chríost le n-a dheisgiobulaibh.


1D’innseas na neithe seo dhaoibh ionus ná glacfadh sibh sgannal. 2Cuirfid siad amach as na sinagógaibh sibh: seadh, agus tá an t-am ag teacht nuair a mheasfaidh an t-é a chuirfidh chun báis sibh go mbeidh onóir aige ’á thabhairt do Dhia. 3Agus déanfaid siad na neithe sin libh-se toisg gan aithne bheith acu ar an Athair, ná orm-sa. 4Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh. 5Ach níor innseas na neithe seo dhaoibh ó thusach, mar bhíos i nbhúr bhfochair. Agus anois táim ag imtheacht ag triall ar an t-é a chuir uaidh mé, agus ní’l aoinne agaibh ’ghá fhiafraighe dhíom: Cá bhfuilir ag imtheacht?


6Ach toisg gur labhras na neithe seo libh do líon bhúr gcroidhe de dhólás. 7Ach táim-se ag innsint na fírinne dhaoibh: Isé bhúr leas mé dh’imtheacht; óir mura n-imthighead ní thiocfaidh an Sólásaidhe chúghaibh; ach má imthighim, cuirfead chúghaibh é. 8Agus nuair a thiocfaidh sé sin déanfaidh sé an domhan do dhaoradh i dtaobh an pheactha, agus i dtaobh cirt, agus i dtaobh breitheamhantais:[* 1] 9I dtaobh peactha, toisg ná creidid siad ionam-sa; 10I dtaobh cirt, óir táim ag dul chun an Athar, agus ní fheicfidh sibh mé feasda. 11Agus i dtaobh breitheamhantais, óir tá breitheamhantas tabhartha cheana féin ar phriúnsa an domhain seo.

12Tá mórán eile neithe agam le rádh libh, ach ní féidir daoibh iad a bhreith libh anois. 13Ach nuair a thiocfaidh an Spioraid úd na fírinne, múinfidh sé dhaoibh an uile fhírinne. Óir ní h-uaidh féin a labharfaidh sé, ach labharfaidh sé gach a gcloisfidh sé; agus neósfidh sé dhaoibh-se

  1. Ver. 8. “I dtaobh an pheactha;” nuair a tháinig an Spioraid Naomh do thug sé mílte chun a tuisgint cad é an peaca a bhí acu ’á dhéanamh tré gan Críost d’admháil; chun cirt Chríost do tuisgint, agus é n-a shuidhe anois ar dheasláimh a Athar; agus chun a thuisgint cad í an daor-bhreith atá i gcóir na daoine atá ag gabháil le Sátan, agus Sátan féin fé dhaor-bhreith anois.