iad, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ’ná iad; mar táim-se ag dul ag triall ar an Athair. 13[1]Agus pé rud a dh’iarrfaidh sibh ar an Athair am’ ainim-se déanfad-sa an rud san, i dtreó go bhfaghaidh an t-Athair glóire sa Mhac. 14Má iarrann sibh aon rud orm am’ ainim-se déanfad an rud san.
15Má tá grádh agaibh dom coimeádaidh m’aitheanta. 16Agus iarrfad-sa ar an Athair é, agus cuirfidh sé chúghaibh Sólásaidhe eile chun fanmhaint agaibh go deó;[* 1] 17Spioraid na fírinne, nách féidir do’n tsaoghal a ghlacadh, óir ní fheiceann sé é ná ní aithnigheann sé é; ach aithnéochaidh sibh-se é, mar fanfaidh sé agaibh, agus beidh sé ionaibh. 18Ní fhágfad sibh i nbhúr ndíleachtaithibh; tiocfad chúghaibh. 19Tamall beag eile agus ní fheiceann an saoghal mé feasda; ach chíonn sibh-se mé: óir táim-se beó agus beidh sibh-se beó, leis. 20An lá san aithneóchaidh sibh-se go bhfuilim-se am’ Athair, agus go bhfuil sibh-se ionam-sa, agus mise ionaibh-se.
21An t-é go bhfuil m’aitheanta-sa aige agus do choimeádann iad, siné an t-é go bhfuil grádh aige dhom; agus an t-é go bhfuil grádh aige dhom, beidh grádh agam’ Athair dó; agus beidh grádh agam-sa dhó agus taisbeánfad mé féin dó. 22Dubhairt Iúdás leis, níor bh’é an t-Iscariót úd: A Thighearna, cad fé ndeár go ndéanfair thu féin a thaisbeáint dúinne agus ná taisbeánfair thu féin do’n tsaoghal? 23D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leis: Má tá grádh ag duine dhómh-sa coimeádfaidh sé mo bhréithre, agus beidh grádh ag m’ Athair dó, agus tiocfaimíd chuige agus déanfaimíd cómhnuighe i n-a fhochair. 24An t-é ná fuil grádh aige dhom ní choimeádann sé mo bhréithre agus an briathar d’aireabhair ní h-é mo bhriathar-sa é, ach briathar an Athar a chuir uaidh mé.
25Do labhras an méid seo libh agus mé i nbhúr
- ↑ Ver. 16. “Sólásaidhe” (Paraclét), nú, leis, comairceach, óir, nuair a spriocann sé sinn chun guidhe dhéanamh deineann sé an ghuidhe istigh ionainn mar a déarfí;—Ibíd. “go deó,” d’á bhrígh sin, is léir gur gealladh an Spioriaid sin na fírinne, ní h-amháin do sna h-Asbolaibh féin ach do’n eaglais n-a ndiaidh chómh maith, go dtí deire an tsaoghail.