bhfochair. 26Ach an Sólásaidhe, an Spioraid Naomh, an t-é a chuirfidh an t-Athair uaidh am’ ainim-se, múinfidh sé sin daoibh gach nídh, agus cuirfidh sé i nbhúr gcuimhne gach nídh d’á ndéarfad libh.[* 1] 27Fágaim síothcháin agaibh; tugaim mo shíothcháin daoibh; ní mar a thugann an saoghal a thugaim-se dhaoibh. Ná bíodh buaireamh ar bhúr gcroidhe, ná eagla. 28D’aireabhair conus mar adubhart libh: Táim ag imtheacht, agus ag teacht chúghaibh. Dá mbeadh grádh agaibh dom, bheadh áthas oraibh toisg mé bheith ag dul ag triall ar an Athair; óir is mó an t-Athair ’ná mise.[* 2] 29Agus anois tá sé innste agam daoibh roim ré, i dtreó nuair a thiocfaidh sé go gcreidfidh sibh. 30Ní déarfad puinn i nbhúr bhfochair anois. Óir tá priúnsa an domhain seo ag teacht, agus ní’l nídh ar bith aige ionam-sa. 31Ach ionus go n-aithneóchadh an domhan go bhfuil grádh agam do’n Athair; agus [1]do réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.
CAIBIDIOL XV.
1Is mise an fhíneamhuin fhírinneach, agus isé m’Athair an saothruightheóir. 2Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a
- ↑ Ver. 26. “Múinfidh sé sin daoibh gach nídh.” Gealltar anso an Spioraid Naomh, dos na h-Asboil agus don chléir n-a ndiaidh, chun gach fírinne do theagasg dóibh agus chun iad do chimeád ó dhul amú.
- ↑ Ver. 28. “Óir is mó an t-athair ’ná mise.” Is léir gur sa mhéid gur duine é do labhair Críost air féin anso, óir, sa mhéid gur Dia é tá sé aon dul leis an Athair: (feic Philipian. Caib. 11). Imtheóchaidh gach deacaracht ar an gcaint seo ach na neithe do leanann í, agus do ghabhann léi, do chimeád os cómhair ár n-aigne. Bhí Críost go luath chun báis a dh’fhulag, agus chuir sé, leis an gcaint sin, a dhaonacht i n-úil dá Asbolaibh. Níor bh’fhéidir dó bás d’fhághail sa mhéid gur Dia é, ach ó bhí sé n-a Dia agus n-a dhuine ba léir gur sa mhéid gur dhuine é do chaithfadh sé bás d’fhághail, agus bhí na h-Asboil chun san a dh’fheisgint agus do chreideamhaint go luath ’n-a dhiaidh san, mar adeir sé féin.