Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/277

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIII. 38
267
EÓIN

shon? Go deimhin, deimhin, adeirim leat, ní ghlaodhfaidh an coileach sar a séanfair trí h-uaire mé.



CAIBIDIOL XIV.

Caint Chríost tar éis a shuipéir dhéidheanaigh.


1Ná tagadh buaireamh ar bhúr gcroidhe. Creideann sibh i nDia; creididh ionam-sa leis. 2Is mó árus i dtigh m’Athar; dá mba ná beadh, do neósfainn daoibh é: óir táim ag dul ag cur áite i n-eagar dhaoibh. 3Agus má imthighim agus áit do chur in-eagar dhaoibh, táim ag teacht airís agus glacfad chúgham féin sibh, i dtreó, an áit ’na mbead-sa go mbeidh sibh-se ann, leis. 4Agus is eól daoibh cá bhfuilim ag imtheacht, agus tá eólas na slighe agaibh. 5Dubhairt Tomás leis: A Thighearna, ní h-eól dúinn cá bhfuilir ag imtheacht, agus conus is féidir dúinn an tslígh d’aithint?

6Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa. 7Dá n-aithnigheadh sibh mise d’aithneóch’ sibh m’Athair gan amhras, agus aithneóchaidh sibh é feasda, agus do chonacabhair é. 8Dubhairt Pilib leis: A Thighearna, taisbeáin dúinn an t-Athair, agus is leór dúinn san. 9Dubhairt Íosa leis: An bhfuilim an fhaid seo aimsire agaibh agus gan aithne agaibh orm? A Philib, an t-é a chíonn mise chíonn sé an t-Athair, leis; agus conus adeirir-se, Taisbeáin dúinn an t-Athair? 10Ná creideann sibh go bhfuilim-se sa n-Athair agus an t-Athair ionam-sa? Na bréithre a labhraim-se libh-se ní h-uaim féin a labhraim iad; ach an t-Athair atá ’n-a chómhnuighe ionam, isé a dheineann na mírbhúiltí. 11[1]Ná creideann sibh mise bheith sa n-Athair agus an t-Athair a bheith ionam-sa? 12Nó murab é sin é, creididh mé mar gheall ar na h-oibreacha féin.

Go deimhin, deimhin, adeirim libh, an t-é a chreideann ionam-sa, na h-oibreacha a dheinim-se déanfaidh sé féin

  1. Nó, Creididh mé go bhfuilim-se sa n-Athair, ⁊ml.