go dtabharfad-sa blúire d’arán túmtha dó, siné é. Ansan do thúm sé blúire aráin agus thug sé d’Iúdás Iscariót mac Shímóin é. 27Agus i ndiaidh an bhlúire aráin, chuaidh Sátan isteach ann. Agus dubhairt Íosa leis: An nídh atá agat ’á dhéanamh, dein gan mhoill é.[* 1] 28Agus ní raibh fhios ag aoinne sa chuideachtain cad chuige go ndubhairt sé leis é. 29Mar do cheap cuid acu, ó bhí an sparán ag Iúdás, gur bh’amhlaidh adubhairt Íosa leis: Ceannaigh na neithe theastóchaidh uainn i gcóir na féile; nó rud éigin a thabhairt do sna daoine bochta. 30Ach nuair a ghlac seisean an blúire aráin d’imthigh sé amach gan mhoill. Agus bhí an oidhche ann.
31Agus nuair a bhí sé imthighthe amach dubhairt Íosa: Tá glóire fághalta anois ag Mac an Duine, agus tá glóire fághalta ann ag Dia. 32Má tá glóire fághalta ag Dia ann tabharfaidh Dia, leis, glóire dhó-san ann féin, agus tabharfaidh sé glóire dhó gan mhoill. 33A chlann ó, táim i nbhúr bhfochair tamall beag fós. Beidh sibh a’m lorg agus mar adubhart leis na Iúdaigh, An áit ’n-a bhfuilim ag dul ní féidir daoibh-se teacht ann; deirim libh-se anois é. 34[1]Tá aithne nua agam ’á thabhairt daoibh: go mbeadh grádh agaibh d’á chéile; fé mar a thugas-sa grádh dhaoibh-se go dtabharfadh sibh-se grádh d’á chéile. 35As san iseadh a dh’ aithneóchaid na daoine go léir gur sibh mo dheisgiobuil-se, má bhíonn grádh agaibh d’á chéile.
36Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna cá bhfuilir ag imtheacht? D’fhreagair Íosa. An áit ’n-a bhfuilim ag imtheacht ní féidir duit-se mé a leanmhaint ann anois; leanfir me ámhthach ’n-a dhiaidh so. 37Dubhairt Peadar leis: Cad ’n-a thaobh nách féidir dom thú a leanmhaint anois? Tabharfad m’anam ar do shon. 38D’fhreagair Íosa é: Tabharfair t’anam ar mo
- ↑ Lebhit. xix. 18.
- ↑ Ver. 27. “An nídh atá agat d’á dhéanamh dein gan mhoill é.” Ní h-amhlaidh a chéaduigh sé é, agus ní lúgha ná mar a dh’órduigh sé é. Ní raibh ann ach ’ghá chur i n-úil dó ná coisgfadh Críost an feall a bhí beartuighthe aige; ná raibh bac air imtheacht agus é dhéanamh chómh luath agus ba mhaith leis é; go raibh Críost ollamh agus toiltheanach chun báis a dh’fhulag ar ár son.