Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/275

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIII. 11
265
EÓIN

ach a chosa agus tá sé glan ar fad. Táthaoi-se glan, ach ní’l sibh go léir glan. 11Óir bhí fhios aige cé r’ bh’é an t-é a dhíolfadh é; mar gheall air sin iseadh a dubhairt sé: Ní’l sibh go léir glan.

12Ansan, nuair a bhí a gcosa nighte aige agus a éadaighe curtha uime aige, agus é ’na shuidhe airís dubhairt sé leó: An bhfuil fhios agaibh cad ’tá déanta agam daoibh? 13Glaodhann sibh-se orm-sa Máighistir, agus Tighearna, agus tá an ceart agaibh, óir is me san. 14D’á bhrígh sin, má nígheas-sa bhúr gcosa dhaoibh-se agus gur mé an Tighearna agus an Máighistir, is ceart daoibh-se, mar an gcéadna, cosa a chéile do níghe. 15Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar atá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfadh sibh-se mar an gcéadna. 16Go deimhin, deimhin, adeirim libh. Ní’l an seirbhíseach níos mó ’ná a mháighistir, ’ná ní’l an t-aspol níos mó ’ná an t-é chuir uaidh é. 17Má tá fhios agaibh na neithe sin, is aoibhinn daoibh má dheineann sibh iad. 18Ní’lim ag labhairt oraibh go léir; aithním na daoine a thoghas: Ach ionus go gcómhlíonfí an Sgríbhinn:[1] An t-é a dh’itheann arán am’ fhochair árdóchaidh sé a shál am’ choinnibh. 19Táim ’ghá innsint sin daoibh anois roim ré, i dtreó, nuair a thuitfidh sé amach, go gcreidfeadh sibh gur mé atá ann. 20Go deimhin, deimhin, adeirim libh:[2] An t-é a ghlacann aoinne a chuirfead uaim, glacann sé mise; agus an t-é a ghlacann mise, glacann sé an t-é a chuir uaidh mé.

21Nuair a bhí an méid sin ráidhte ag Íosa tháinig buaireamh spioraide air agus do dheimhnigh sé, agus dubhairt sé: [3]Go deimhin, deimhin, adeirim libh, déanfaidh duine agaibh-se mise thabhairt i láimh. 22D’fhéach na deisgiobuil ar a chéile agus mearbhall ortha i dtaobh cé air gur labhair sé. 23Thárla go raibh ’n-a luighe i n-ucht Íosa duine dh’á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa. 24Agus do bhagair Símón Peadar chuige sin agus dubhairt sé leis: Cé h-é an t-é adeir sé? 25D’á bhrígh sin, dubhairt seisean, agus é ’n-a luighe ar ucht Íosa: A Thighearna, cé h-é féin? 26D’fhreagair Íosa: An fear