Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/274

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
264
Caib. XII. 50
EÓIN

chuir uaidh mé, thug sé sin órdú dhom, cad déarfad agus cad a labharfad. 50Agus tá fhios agam gur beatha shíoruidhe a órdú. Na neithe a labhraim, d’á bhrígh sin, is mar adubhairt an t-Athair liom do labhrann iad.



CAIBIDIOL XIII.

Cosa a dheisgiobol á nighe ag Críost. Feall Iúdáis. An aithne nua, .i. aithne an ghrádha.


1Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.[* 1]

2Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol, 3Ó bhí fhios ag Íosa gach uile nídh a bheith tabhartha isteach ’n-a láimh dó ag an Athair, agus gur ó Dhia a tháinig sé agus go raibh sé ag dul ag triall ar Dhia, 4D’eirigh sé ó’n suipéar, agus bhain sé dhe a chuid éadaigh agus cheangail sé línéadach fan choím air féin. 5Ansan chuir sé uisge i mbáisín agus chrom sé ar chosaibh a dheisgiobul do nighe, agus ar iad do thriomú leis an línéadach a bhí fan choím air. 6Ansan do tháinig sé go dtí Símón Peadar. Dubhairt Peadar leis: Tusa ag nighe mo chos-sa, a Thighearna? 7D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: An rud atá agam-sa ’á dhéanamh ní fios duit-se anois é; beidh a fhios agat ar ball, ámhthach. 8Dubhairt Peadar leis: Ní níghfir mo chosa-sa dhómh-sa go bráth. D’fhreagair Íosa é: Mura níghead tu ní bheidh páirt agat liom. 9Dubhairt Símón Peadar leis: A Thighearna, ní h-amháin mo chosa, ach fós mo lámha agus mo cheann. 10Dubhairt Íosa leis: An t-é a nightear ní gádh a níghe

  1. Ver. 1. “Roimh lá fhéile na cásga.” B’shiní an ceathramhadh cáisg agus an cháisg dheirineach fé fríththálamh. Do réir an ghnáth-chómhairimh tháinig an cháisg sin sa trímhadh bliain déag ar fhichid d’aois ár dTighearna. Deir drong de’n lucht cómhairimh gur sa seachtmhadh bliain déag ar fhichid d’á bheatha d’fhuilig ár Slánuightheóir bás. Ach ní’l ins na baramhlaibh sin seachas a chéile ach neamhnídh.