duine amháin d’fhághail bháis thar cheann an phobuil, agus gan an cinéal go léir do dhul ar ceal. 51Ní uaidh féin, ámhthach, adubhairt sé an chaint sin, ach ó b’é an t-árdshagart é do’n bhliain, do labhair sé targaireacht, go raibh Íosa chun báis d’fhagháil ar son an chinéil; 52Agus ní h-ar son an chinéil amháin, ach chun clainne Dé a bhí sgaipithe do chruinniú i n-aon bhuidhin. 53Ó’n lá san amach, d’á bhrígh sin, bhíodar ag beartú ar é chur chun báis. 54Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.
55Ansan bhí cáisg na n-Iúdach go h-achamair, agus mórán daoine ag teacht go Ierúsalem ó’n dtuath roimis an gcáisg chun iad féin do naomhú. 56Agus bhíodar ag lorg Íosa, agus iad ag caint eatartha féin ’n-a seasamh sa teampul: Cad is dóigh libh fé ndeara dhó gan teacht chun lae na féile? Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdú, dá mbeadh fhios ag aoinne cá raibh sé, é dh’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.
CAIBIDIOL XII.
1Ach sé lá roim fhéile na cásga tháinig Íosa go [1]Betánia mar a bhfuair Lasarus bás agus gur thóg Íosa ó’n mbás é. 2Agus dheineadar féasta dhó ann, agus bhí Marta ag friothálamh, agus duine de’n chuideachtain a shuidh chun bídh i n’fhochair ab eadh Lasarus. 3Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil sí a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird. 4Agus dubhairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a bhí chun é dhíol: 5Cad ’n-a thaobh nár