Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/269

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XI. 34
259
EÓIN

agus buaireamh a theacht air, 34Agus dubhairt sé: Cár chuireabhair é? Agus dubhradar leis: Tar, a Thighearna, agus feic.

35Agus bhí Íosa ag sileadh.

36Agus dubhairt na Iúdaigh: Féach, cad é an cion a bhí aige air. 37Dubhairt cuid acu, ámhthach: An fear so a dh’osgail súile an t-é a rugadh ’n-a dhall, an amhlaidh nar fhéad sé an duine seo choimeád gan bás d’fhagháil?

38Agus dhein Íosa osna airís, agus tháinig sé chun an tuama; agus pluais charaige ab eadh an tuama, agus cloch anuas uirthi. 39Dubhairt Íosa: Tógaidh an chloch. Dubhairt Marta leis, drifiúr an duine mhairb: A Thighearna, tá sé bréan um an dtaca so, mar tá sé cheithre lá marbh. 40Dubhairt Íosa léi: Ná dubhart leat má chreideann tú go bhfeicfir glóire Dé? Ansan do tógadh an chloch. 41Agus d’fhéach Íosa suas agus dubhairt sé: A Athair, bheirim a bhuidheachas leat gur éistis liom. 42Bhí fhios agam féin, ámhthach, go n-éisteann tú liom i gcómhnuighe, ach dubhart é sin ar son na ndaoine atá anso am’ thímpal, i dtreó go gcreidfidís gur chuiris-se uait mé. 43Tar éis na cainte sin do rádh dhó do ghlaoidh sé do ghuth árd: A Lasaruis, tar amach. 44Agus tháinig amach láithreach an t-é a bhí marbh, agus na ceangail bháis ar a lámhaibh agus ar a chosaibh, agus an t-éadach ar a cheannachaibh. Dubhairt Íosa leó: Sgaoiltear é agus leigtear chun siubhail é.


45Ansan do chreid a lán de sna Iúdaigh ann, de’n mhuintir a tháinig ag triall ar Mháire agus ar Mharta, agus a chonaic na neithe a dhein sé. 46Ach d’imthigh cuid acu ag triall ar na Fairisínigh agus d’innseadar dóibh cad a dhein Íosa. 47Ansan do chruinnigh na h-árdshagairt agus na Fairisínigh cómhairle, agus deiridís: Cad ’tá againn ’á dhéanamh, agus é seo ag déanamh a lán mírbhúiltí? 48Má sgaoilimíd leis ar an gcuma so creidfid na daoine go léir ann, agus tiocfaid na Rómhánaigh agus sgriosfid siad ár dtír agus ár gcinéal. 49Agus bhí aoinne amháin ortha agus Caiphas ab ainim dó, agus b’é árdshagart na bliana san é, agus dubhairt sé leó: Ní thuigeann sibh-se aon nídh. 50Ní mhachtnuigheann sibh conus mar isé bhúr leas aon