Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/271

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XII. 6
261
EÓIN

díoladh an ola so ar trí chéad pingin agus é thabhairt do sna bochtaibh? 6Ní tré aon speóis a bheith aige ins na bochtaibh adubhairt sé an méid sin, ámhthach, ach é bheith ’n-a bhitheamhnach, agus is aige a bhíodh an sparán, agus isé a dh’iomparadh an méid a curtí ann. 7Ansan dubhairt Íosa: Leigidh di féin, agus coimeádadh sí é sin i gcóir lae m’adhlactha. 8Bíd na boicht i gcómhnuighe i nbhúr bhfochair agaibh, ach ní bhím-se agaibh i gcómhnuighe.[* 1]

9Agus bhí fhios ag sluagh mhór de sna Iúdaígh é bheith sa n-áit, agus thánadar, ní h-amháin mar gheall ar Íosa, ach chun go bhfeicfidís Lasarus, an duine a thóg sé ó sna mairbh. 10Agus bhí uachtaráin na sagart ’ghá bheartú go marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna, 11Mar bhí mórán de sna Iúdaigh ag imtheacht agus ag creideamhaint i n-Íosa mar gheall air.


12Ach amáireach a bhí chúghainn do ghluais amach sluagh mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar d’airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem, 13Agus thógadar géaga phailime agus shiubhluigheadar fé n-a dhéin agus iad ag liúirigh: Hósanna, moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna, rí Israéil. 14Agus do fuair Íosa asal óg, agus do shuidh sé ar a mhuin, do réir mar atá sgríobhtha: 15[1]Ná bíodh eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus é ’n-a shuidhe ar shearrach asail. 16Níor thuig a dheisgiobuil na neithe sin ar dtúis; ach nuair a tugadh glóire d’Íosa do chuimhnigheadar ar na neithibh sin a bheith sgríobhtha ’n-a thaobh, agus gur dheineadar na neithe sin leis. 17An tsluagh a bhí i n-a fhochair nuair a ghlaoidh sé Lasarus as an dtuama agus thóg sé ó sna mairbh é, thugadar fiadhnaise uatha. 18Agus uime sin do tháinig an tsluagh amach ’n-a choinnibh, mar d’airigheadar gur dhein sé an mhírbhúilt sin. 19Dubhairt na Fairisínigh, d’á bhrígh sin, eatartha féin: An bhfeiceann sibh ná fuil ag eirighe linn i n-aon chor? Siné an saoghal go léir imthighthe ’n-a dhiaidh.

  1. Zach. ix. 9.
  1. Ver. 8. Feic an nóta ar Mhait. xxvi. 11.