Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/272

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
262
Caib. XII. 20
EÓIN

20Bhí, ámh, geinteacha áirithe ar na daoine a tháinig go Ierúsalem chun Dia d’adhradh lá na féile. 21Thánadar san ag triall ar Philib, an fear ó Bhetsaida Gaililí, agus d’iarradar nídh air agus dubhradar: A dhuine chóir, ba mhaith linn Íosa dh’fheisgint. 22Tháinig Pilib agus d’innis sé d’Aindrias é, agus ansan d’innis Pilib agus Aindrias d’Íosa é. 23Ach d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun glóire thabhairt do Mhac an Duine. 24Go deimhin, deimhin, a deirim libh, mura bhfaghaidh an gráinne arbhair a thuiteann sa talamh bás, 25Ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. [1]An t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a dh’fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so, coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe. 26Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó. 27Tá m’anam ar buaireamh anois. Agus cad déarfad? A Athair, dein mé shaoradh ó’n uair seo. Ach is chuige seo do thánag chun na h-uaire seo. 28A Athair, dein t’ainim do shoillsiú. Ansan do tháinig guth ó neamh: Do shoillsígheas cheana é, agus soillseóchad airís é.

29Agus na sluaighte a bhí láithreach d’airigheadar an guth agus dubhradar gur thóirthneach a deineadh. Ach dubhairt tuille acu: Do labhair aingeal leis. 30D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: Ní mar gheall orm-sa a tháinig ag guth so, ach mar gheall oraibh-se. 31Anois atá breith tabhartha ar an saoghal so; anois a caithfar amach priúnsa an tsaoghail seo. 32Agus má árduíghthear mise ó’n dtalamh taraiceóchad gach nídh chúgham féin. 33Agus dubhairt sé an méid sin ’ghá chur i gcéill cad é an bás a gheobhadh sé. 34D’fhreagair na daoine é: D’airigheamair-ne as an ndlígh [2]Críost a bheith ann do shíor: agus conus a deirir-se nách foláir Mac an Duine d’árdú? Cé h-é an Mac san an Duine? 35Ansan dubhairt Íosa leó: Tá an solus agaibh tamall

  1. Mait. x. 39, xvi. 25; Marc. viii. 35; Lúc. ix. 24, xvii. 33.
  2. Salm. cix. 4, cxvi. 2; Isáias xl. 8; Ezech. xxxvii. 25.