Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/224

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
214
Caib. XXII. 60
LÚCÁS

uair a’ chluig ’n-a dhiaidh san dubhairt duine eile: Go deimhin bhí sé seo ’n-a theannta súd, mar is Gaililíach é. 60Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní h-eól dom cad ’tá agat d’á rádh. Agus láithreach, le linn an fhocail a rádh dhó, do ghlaoidh an coileach. 61Agus d’iompuigh an Tighearna agus d’fhéach sé ar Pheadar. Agus chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt an Tighearna: Sar a nglaoidhfidh an coileach séanfir-se mise trí h-uaire. 62Agus d’imthigh Peadar amach agus do ghoil sé go dubhach.

63Agus na fir go raibh Íosa gabhtha acu, bhíodar ag déanamh magaidh faoi agus ’ghá bhualadh. 64Agus dheineadar a aghaidh do chlúdach agus é bhualadh, agus deiridís: Targair dúinn, cé h-é an t-é a bhuail tu? 65Agus deiridís a lán neithe eile leis ag tabhairt masla dhó.

66[1]Agus nuair tháinig an lá do shuidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil agus na Sgríbhneóirí i gcómhairle, agus thugadar eisean isteach sa chómhairle, agus dubhradar: Innis dúinn an tusa Críost. 67Agus dubhairt sé leó: Má ínnsim daoibh é ní chreidfidh sibh mé; 68Agus má cheistíghim sibh ní fhreagróchaidh sibh mé, ’ná ní leigfidh sibh uaibh mé. 69Ach ó’n dtráth so amach beidh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé. 70Ansan dubhradar go léir: D’á bhrígh sin an tusa Mac Dé? Agus dubhairt sé: [2]Deirthí-se gur mé. 71Agus dubhradar-san: Cad is gádh dhúinn a thuille fiadhnuise? Óir d’airigheamair as a bhéal féin é.



CAIBIDIOL XXIII.

Tuairisg na Páise ar leanmhaint.


1Agus d’eirigheadar go léir agus do rugadar ag triall ar Phílát é. 2Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na

    láithreach fé ndeara Gaililíach, é agus bhí do Mhalcus láithreach agus dubhairt sé go bhfeacaidh sé féin sa gháirdín é, ansan do dhein Peadar an trímhadh séanadh.

  1. Mait. xxvii. 1; Marc. xv. 1; Eóin xviii. 28.
  2. .i. Is fíor gur mé.