Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/225

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXIII. 3
215
LÚCÁS

ndaoine ar a n-aimhleas, [1]agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é. 3Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é.

4Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo. 5Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo. 6Nuair a dh’airigh Pílát Gaililí d’fhiafraigh sé ar Ghaililíach an duine. 7Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san.

8Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é dh’fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d’aireachtaint ’n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige ’á dhéanamh. 9Agus dhein sé a lán cainte ’ghá cheistiú. Ach níor thug seisean aon fhreagra air. 10Agus sheasaimh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith. 11Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é. 12Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d’á chéile roimis sin.

13Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. 14Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus [2]ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith. 15Agus ní lúgha ’ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach, níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás. 16Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é.

17Ach bhí air aoinne amháin do leigint saor chúcha mar gheall ar lá na féile. 18Ach do liúigh an pobul go léir