Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/223

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXII. 47
213
LÚCÁS

Eirighidh agus deinidh úrnuighthe sar a raghadh sibh i gcathaíbh.

47An fhaid a bhí sé ag caint, féach, tháinig sluagh, agus an t-é ar a dtugtí Iúdás, duine de’n dáréag, rómpa amach, agus tháinig sé chun Íosa chun póige thabhairt dó. 48Agus dubhairt Íosa: A Iúdáis, an le póig a dheineann tú Mac an Duine do bhrath? 49Agus nuair a chonaic an mhuintir a bhí i n’aice cad a bhí ag teacht dubhradar: An mbuailfimíd le claidheamh, a Thighearna? 50Agus do bhuail duine acu seirbhíseach an árd-shagairt agus bhain sé an chluas dheas de. 51Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Fanaidh go fóil; agus chuir sé a lámh ar chluais an duine agus do leighis sé é. 52Agus dubhairt Íosa leis an muintir a tháinig chuige, uachtaráin na sagart agus giúistísí an teampail agus na seanóirí: An chun beirthe ar bhitheamhnach a thánabhair amach le claidhmhtibh agus le cleathachaibh? 53Bhíos agaibh gach aon lá sa teampul agus níor shíneabhair lámh chúgham; ach sidé bhúr dtráth, agus cómhacht an dorchadais.


54Agus do ghabhadar é, agus do rugadar leó é go tigh an árd-shagairt; agus do lean Peadar iad, abhfad siar, 55Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar ’n-a suidhe ’n-a tímpal, bhí Peadar ’n-a measg. 56Agus chonaic cailín aimsire é ’n-a shuidhe sa tsolus, agus d’fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé seo leis, i n’fhochair siúd. 57Agus do shéan seisean é, agus dubhairt sé: A bhean, ní’l aon aithne agam air. 58Agus i gcionn tamaill bhig chonaic duine eile é, agus dubhairt sé: Is díobh súd tusa leis. Agus dubhairt Peadar: A dhuine, ní díobh.[* 1] 59[1]Agus i gcionn tímpal

  1. Ver. 58. “Agus i gcionn . . .”—Tabhair fé ndeara anso, chun na cheithre soisgéalaidhthe thabhairt d’á chéile, go raibh níos mó ná aoinne amháin do chuir i leith Pheadair gur dheisgiobol do Chríost é, go dtí fé dheire, gur chuireadar fhéachaint air shéanadh trí h-uaire. 1. Cailín an doruis do leog isteach é, chonaic sí ag an dteine é ’n-a dhiaidh san, agus isí do chuir an cheist ar dtúis chuige, agus do dheimnigh sí go raibh sí i bhfochair Chríost. 2. Ansan chuir cailín eile ’n-a leith é, os cómhair a raibh láithreach, agus, as san, do chuir duine des na leith é, agus dhein Peadar an tarna séanadh. 3. Ansan thug tuille d’á raibh