31Agus dubhairt an Tighearna: A Shímóin, a Shímóin, féach, tá Sátan ar bhúr dtí chun sibh a chriathradh mar a déanfaí cruithneacht do chriathradh; 32Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre. 33Agus dubhairt seisean leis: A Thighearna, táim ollamh ar dhul leat-sa chun príosúin agus chun báis. 34Ach dubhairt seisean: Deirim leat, a Pheadair, ná glaoidhfidh an coileach indiu go séanair-se trí h-uaire aon aithne bheith agat orm. Agus dubhairt sé leó:
35[1]Nuair a chuireas uaim sibh gan sparán gan mála gan bróga, an raibh aon nídh i n-easnamh oraibh? 36Agus dubhradar: Ní raibh. Agus dubhairt sé leó: Ach anois, an t-é ’go bhfuil sparán aige beireadh sé leis é; agus mar an gcéadna mála, agus an t-é ná fuil, díoladh sé a bhrat agus ceannuigheadh sé claidheamh. 37Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómhlíonadh ionam-sa: [2]Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó. 38Agus dubhradar-san leis: Féach, a Thighearna, dhá chlaidheamh anso. Agus dubhairt sé leó: Ní beag san.
39Agus chuaidh sé amach, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é. 40Agus nuair a tháinig sé chun na h-áite dubhairt sé leó: Deinidh úrnuighthe sar a dtuitfeadh sibh i gcathaíbh. 41[3]Agus d’imthigh sé féin uatha tímpal faid urchair cloiche, agus tháinig sé ar a ghlúinibh ag guidhe, 42Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. 43Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh. 44Agus bhí allus air a bhí ’n-a bhraonachaibh fola ag tuitim chun tailimh. 45Agus nuair a dh’eirigh sé ó’n nguidhe agus tháinig sé chun a dheisgiobul fuair sé iad ’n-a gcodla tré bhrón. 46Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith i nbhúr gcodla?
- ↑ Mait. x. 9.
- ↑ Isáias liii. 12.
- ↑ Mait. xxvi. 39; Marc. xiv. 25.