Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/195

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XIII. 8
185
LÚCÁS

go mbeadh an talamh aige? 8Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain seo go ndeinead rómhar ’n-a thímpal agus go gcuiread leasú leis, 9Ansan má thugann sé toradh uaidh; ach mura dtugaidh, gearrthar é feasda.

10Agus bhíodh sé ag teagasg ’n-a sinagóig ins na sabbóidibh. 11Agus féach, bean i n-a raibh spioraid lagachair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor; 12Agus nuair a chonaic Íosa í do ghlaoidh sé chuige uirthi, agus dubhairt sé léi: A bhean, táir sgartha led’ ghearán. 13Agus chuir sé a dhá láimh uirthi, agus do dírigheadh suas í láithreach, agus thug sí glóire do Dhia. 14Agus d’fhreagair uachtarán na sinagóige, agus fearg air toisg Íosa do dhéanamh an leighis lá na sabbóide, agus dubhairt sé leis na daoine: Tá sé lá ann ’n-ar cheart obair a dhéanamh; tagaidh aon lá dhíobh san, agus leighistear sibh; agus ná tagaidh lá na sabbóide. 15Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide? 16Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal san lá na sabbóide? 17Agus nuair a dubhairt sé an chaint sin do las a namhaid go léir le náire, agus do ghaibh gáirdeachas an pobul mar gheall ar na neithe go léir a dheineadh sé chómh glórmhar.

18Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é? 19[1]Is cosmhail é le gráinne mustáird n-ar dhein duine é thógaint agus é chur ’n-a gháirdín, agus d’fhás sé, ’gus dhein crann mór de, agus do neaduigh éanlaithe an aéir ’n-a ghéagaibh.

20Agus dubhairt sé airís: Cad leis go samhlóchad rígheacht Dé? 21[2]Is cosmhail é leis an ngiost a thóg bean, agus d’fholuigh sí i dtrí tómhasaibh mine go dtí gur ghlac an mhin go léir an giost.


22Agus do ghluais sé tré sna catharachaibh agus tré