Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/196

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
186
Caib. XIII. 23
LÚCÁS

sna bailtibh ag teagasg, agus é ag dul fé dhéin Ierúsalem. 23Agus dubhairt duine leis: A Thighearna, an amhlaidh ná saorthar ach beagán? Agus dubhairt seisean leó: 24[1]Deinidh dícheall ar dhul isteach an dorus cumhang; óir deirim libh go mbeidh a lán a d’iarraidh dul isteach, agus ní fhéadfaid siad é.[* 1] 25[2]Agus nuair a bheidh fear an tighe imthighthe isteach agus an dorus dúnta aige, tusnóchaidh sibh-se ar sheasamh amuigh agus ar an ndorus do bhualadh, agus ar a rádh: A Thighearna, osgail dúinn! agus déarfaidh sé a’ bhúr bhfreagradh: Ní fheadar cad as daoibh-se. 26Ansan tusnóchaidh sibh ar a rádh: D’itheamair agus d’ólamair os do chómhais, agus dheinis teagasg i n-ár sráidibh. 27Agus déarfaidh sé libh: [3]Ní fheadar cad as daoibh-se; [4]imthighidh go léir uaim, a lucht an uilc a dhéanamh. 28Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach. 29Agus tiocfaid siad ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, ó’n gceann tuaidh agus ó’n gceann teas, agus suidhfid siad síos i rígheacht Dé. 30Agus féach, tá daoine ar deire a bheidh ar tusach, agus tá daoine ar tusach a bheidh ar deire.

31An lá céadna san tháinig cuid de sna Fairisínigh chuige agus dubhradar leis: Imthigh agus fág an áit seo, óir tá Héród ar tí do mharbhtha. 32Agus dubhairt sé leó: Imthighidh agus abraidh leis an mada ruadh san: Féach, táim ag cur deamhan amach agus ag déanamh leigheas indiu agus amáireach, agus beidh deire liom an trímhadh lá. 33Ach cheana, ní foláir dom bheith ag siúbhal indiu agus amáireach agus amanarthar, óir ní dual fáidh d’fhághail bháis lasmuigh d’Ierúsalem.

34[5]A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ar na daoine a curtar chúghat, cad é a mhinice dob’ áil liom do chlann a chruinniú, mar a chruinnigheann an t-éan a h-ál fé

  1. Ver. 24. “A d’iarraidh dul,” .i. Beid siad a d’iarraidh a n-anam do shábháil, ach ní fhéadfaid siad é toisg nar dheineadar dícheall air, agus ná rabhdar dáiríribh sa ghnó.