Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/194

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
184
Caib. XII. 56
LÚCÁS

ann; agus bíonn. 56A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann?

57Agus cad ’n-a thaobh ná breithnigheann sibh uaibh féin an nídh is ceart? 58[1]Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led’namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabharfadh an breitheamh suas tu do’n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu. 59Deirim leat ná tiocfair amach as san go ndíolair an chianóg dheirineach.



CAIBIDIOL XIII.

An riachthanas atá le h-aithríghe dhéanamh. An crann fíge a bhí seasg. Leigheas na mná a bhi Leice, agus ⁊rl.


1Agus bhí daoine láithreach an uair chéadna san a dh’innis dó i dtaobh na nGaililíach n-ar mheasg Pílát a gcuid fola ar a n-ídhbirtibh.

2Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: An dóigh libh gur pheacacha na Gaililíacha san thar Ghaililíachaibh eile, treás go dtáinig an íde sin ortha? 3Deirim libh nár bh’ eadh; ach mura ndeinidh síbh-se aithrighe tiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir. 4Dalta na n-ocht bhfeara déag úd n-ar thuit an túr ortha i Silóe, agus gur mhairbh sé iad, an dóigh libh go rabhadar ciontach thar a raibh de dhaoinibh i n-Ierúsalem? 5Deirim libh ná rabhadar; ach mura ndeinidh sibh-se aithrighe go dtiocfaidh íde de’n tsaghas chéadna oraibh go léir.

6Agus do labhair sé leó an tsoluíd seo: Bhí crann fíge curtha ag duine ’n-a fhíonghort, agus tháinig sé ag lorg toradh ar an gcrann, agus ní bhfuair. 7Agus dubhairt sé leis an saothruightheóir: Féach, táim le trí bliana ag teacht anso ag lorg toradh ar an gcrann fíge seo agus ní bhfaghann é; gearr é: [2]cad chuige

  1. Mait. v. 25.
  2. .i. Bíodh an áit ag crann fóghanta.