Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/193

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XII. 42
183
LÚCÁS

léir? 42Agus dubhairt an Tighearna: Cé h-é, dar leat-sa, an stíobhard dílis ciallmhar a chuir an Tighearna os cionn a theaghlaigh chun a dtómhais cruithneachtan a thabhairt dóibh i dtráth? 43Is aoibhinn do’n tseirbhíseach san n-a dtiocfaidh a Thighearna air ag déanamh na h-oibre sin nuair a thiocfaidh sé. 44Deirim libh go fíor go gcuirfidh sé os cionn a choda go léir é. 45Ach má deir an seirbhíseach san, ’n-a chroidhe féin, Tá mo Thighearna abhfad gan teacht; agus má chromann sé ar na buachaillí agus na cailíní do bhualadh, agus ar ithe agus ar ól agus ar mheisgeóireacht: 46Tiocfaidh Tighearna an tseirbhísigh sin an lá ná beidh coinne aige leis, agus an uair nách eól dó, [1]agus deighilfidh sé é agus ceapfaidh sé a chuid dó ameasg lucht díth-chreidimh.

47Agus an seirbhíseach san go raibh fios toile a Thighearna aige, agus nár dhein ollamhú, ná beart do réir a thoile, geobhfar air go mór. 48Ach an t-é ná raibh fhios aige, agus do dhein neithe a thuill bualadh, geobhfar air beagán. Óir an t-é gur tugadh mórán dó, éileófar mórán air; agus an t-é gur thugadar cuid mhór dó le coimeád iarrfaid siad breis air.

49Chun teine chur ar an dtalamh so iseadh thánag, agus cad ’tá uaim ach go lasfadh sí? 50Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlíonfar é!

51[2]An dóigh libh gur chun síothchána chúr ar an dtalamh so do thánag-sa? Ní h-eadh, adeirim libh, ach chun deighilte. 52Óir beidh, feasda, cúigear sa n-aon tigh deighilte, triúr i n-aghaidh beirte, agus beirt i n-aghaidh trír. 53Deighilfar an t-athair i n-aghaidh an mhic agus an mac i n-aghaidh a athar; an mháthair i n-aghaidh na h-inghíne agus an inghean i n-aghaidh na máthar; an mháthair céile i n-aghaidh mná an mhic agus bean an mhic i n-aghaidh máthar a céile.

54Agus dubhairt sé leis an sluagh: Nuair a chíonn sibh sgamal ag eirighe lastiar, abrann sibh láithreach: Tá cith ag teacht; agus bíonn amhlaidh; 55Agus (nuair a chíonn sibh) an ghaoth andeas abrann sibh: Beidh brothal

  1. .i. gearrfaidh sé amach é ó fhíoraonaibh.
  2. Mait. x. 34.