Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/192

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
182
Caib. XII. 28
LÚCÁS

lilíbh, conus mar a dh’fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh; agus deirim-se libh-se ná raibh Salomón ’n-a ghradam éidighthe mar cheann acu san. 28Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh? 29Ná bídhidh-se ag lorg na neithe a dh’íosfaidh sibh ná a dh’ólfaidh sibh, agus ná bíodh eirighe anáirde oraibh. 30Óir siniad go léir na neithe a bhíonn ag geinte an domhain d’á lorg. Ach is eól d’bhúr n-Athair go bhfuil gádh agaibh leis na neithibh sin. 31Loirgidh ar dtúis, ámhthach, rígheacht Dé agus a fhíoraontacht, agus gheobhaidh sibh mar thuille na neithe sin go léir.

32Ná bíodh eagal oraibh, a thréad bheag, óir isé toil bhúr n-Athar an rígheacht a thabhairt daoibh. 33[1]Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, [2]stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh. 34Óir an áit ’n-a bhfuil bhúr stór is ann a bheidh bhúr gcroidhe.

35Bíodh bhúr gcriosa fáisgithe agaibh, agus lóchrana ar lasadh i nbhúr lámhaibh. 36Agus sibh mar bheadh daoine a bheadh ag feitheamh le n-a dTighearna go bhfillfeadh sé ó’n mbainis; ionus, nuair a thiocfaidh sé agus bhuailfidh sé, go n-osgalóchaid siad láithreach dó. 37Is aobhinn do sna seirbhísigh sin a gheobhaidh a dTighearna ag déanamh na faire nuair a thiocfaidh sé; go deimhin adeirim libh, cuirfidh sé a chrios uime agus cuirfidh sé ’n-a suidhe iad, agus déanfaidh sé friothálamh ortha sa tímpal. 38Agus má thagann sé sa tarna faire, agus sa trímhadh faire má thagann sé, agus go bhfaghaidh sé mar sin iad, is aoibhinn do sna seirbhísigh sin. 39Ach bíodh fios an méid seo agaibh, dá mbeadh fhios ag fear tighe cathoin a thiocfadh an bitheamhnach, dhéanfadh sé faire agus ní leigfeadh sé a thigh do bhriseadh. 40Agus bídhidh-se ollamh, óir [3]ní’l fhios agaibh cathain a thiocfaidh Mac an Duine.

41Agus dubhairt Peadar leis: A Thighearna, an linne atá an chaint sin agat ’á rádh, nó leis na daoine go

  1. Mait. xix. 21.
  2. Mait. vi. 20.
  3. Apoc. xvi. 15.