Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/171

From Wikisource
This page has been proofread.
Caib. VII. 27
161
LÚCÁS

uaibh le feisgint nuair a chuadhabhair amach? Fáidh an eadh? Iseadh, a deirim libh, agus duine is mó ’ná fáidh. 27Sidé an duine ar a bhfuil sgríobhtha: [1]Féach, tá m’aingeal agam d’á chur rómhat amach agus ollmhóchaidh sé do shlígh rómhat. 28Deirim libh é: Ar ar rugadh ó mhnáibh de dhaoinibh ní’l fáidh is mó ’na Eóin Baiste; agus an t-é is lúgha i rígheacht Dé is mó é ’ná eisean. 29Agus nuair airigh na daoine go léir agus na puibliocánaigh an chaint sin d’admhuíghdar ceart Dé, óir bhíodar tar éis a mbaiste le baisteadh Eóin.[* 1] 30Ach na Fairisínigh agus dochtúirí na dlighe, thugadar easúmhluigheacht do chómhairle Dé ’n-a gcoinnibh féin, óir níor ghlacadar a bhaisteadh-sin.

31Dubhairt an Tighearna, ámhthach: Cé leis, d’á bhrígh sin, go samhlóchad muintir an tsleachta so? Agus cé leis gur cosmhail iad? 32Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair. 33[2]Óir do tháinig Eóin Baiste agus ní raibh sé ag ithe aráin ’ná ag ól fíona; agus deirthí-se, Tá deamhan ann. 34Tháinig Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól; agus deirthí-se, Féach an fear craosach, fear an fhíona dh’ól, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach. 35Agus tá an eagna ceartuighthe ó n-a clainn féin go léir.

36Agus d’iarr duine de sna Fairísinigh air dul agus bia chaitheamh i n’ fhochair; agus chuaidh sé isteach i dtigh an Fhairisínigh, agus do shuidh sé chun búird.[* 2] 37Agus féach bhí bean a bhí ’n-a peacach sa chathair, agus fuair sí amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh agus thug sí léi alabastsom ola, 38Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh. 39Agus do chonaic an Fairisíneach a thug cuireadh

  1. Mal. iii. 1.
  2. Mait. iii. 4; Marc. i. 6.
  1. Ver. 29. “D’admhuíghdar ceart Dé,” .i. do mholadar Dia mar gheall ar a cheart, agus tháinig eagla Dé ortha. D’admhuighdar é bheith ceart agus é bheith trócaireach.
  2. Ver. 36. “Duine de sna Fairisínigh,” .i. Símón.