Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/170

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
160
Caib. VII. 13
LÚCÁS

agus baintreach ab eadh an mháthair; agus bhí sochraid mhór de mhuintir na catharach léi. 13Agus nuair a chonaic an Tighearna í tháinig truagh aige dhi agus dubhairt sé léi: Ná bí ag gol. 14Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh. 15Agus d’eirigh an duine marbh ’n-a shuidhe agus chrom sé ar chaint. Agus thug sé d’á mháthair é. 16Agus tháinig eagal ar na daoine go léir, agus thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar: Tá fáidh mór eirighthe ’n-ár measg, agus [1]tháinig Dia ag féachaint a dhaoine. 17Agus do leath an focal san amach ’n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal;

18Agus d’innseadar a dheisgiobuil d’Eóin na neithe sin go léir. 19Agus do ghlaoidh Eóin chuige beirt d’á dheisgiobulaibh, agus chuir sé chun Íosa iad ’ghá rádh: An tusa an t-é a bhí le teacht nó a’ bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 20Agus nuair a thánadar na fir chuige dubhradar: Chuir Eóin Baiste ag triall ort-sa sinn ’ghá rádh: An tusa an t-é atá le teacht, nó an bhfuil orainn feitheamh le duine eile? 21Agus an uair chéadna san do leighis sé mórán daoine ó n-a ngalaraibh agus ó n-a gcneadhaibh, agus ó annspridíbh, agus thug sé radharc do mhórán dall. 22Ansan d’fhreagair sé iad-san agus dubhairt leó: Téighidh thar n-ais agus innsidh d’ Eóin cad a chloiseabhair agus cad a chonacabhair; [2]radharc ’á thabhairt do dhallaibh, siubhal do bhacachaibh, na lobhair d’á nglanadh, éisteacht ’á thabhairt do bhodharaibh, na mairbh ag aiseirighe, an soisgéal d’á chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh. 23Agus is aoibhinn do’n t-é ná glacfaidh sgannal umam-sa.

24Agus nuair a bhí teachtairí Eóin imthighthe chrom sé ar a rádh leis na daoine i dtaobh Eóin: Cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach sa bhfásach? Cuaille d’á shuathadh le gaoith an eadh? 25Ach cad ’á dh’fheisgint go ndeaghabhair amach? Duine i n-éadaighibh míne an eadh? Féach, is i dtighthibh na righthe a bhíonn lucht an éadaigh uasail agus an bheatha shóghaigh. 26Ach cad a bhí

  1. .i. chun trócaire dhéanamh ortha.
  2. Isáias xxxv. 5.