Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/169

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. VII. 1
159
LÚCÁS


CAIBIDIOL VII.

Seirbhíseach an taoisigh céad dá leigheas ag Críost Mac na baintirighe da thógaint ó’n mbás aige. Freagra uaidh do sna teachtairí a tháinig ó Eóin, agus maitheamhnachas ’á thabhairt aige do’n pheacach aithrígheach.


1Agus nuair a bhí iomláine a chainte go léir labhartha aige isteach i gcluasaibh na ndaoine, tháinig sé isteach go Capharnaum. 2Agus bhí taoiseach céad n-a raibh seirbhíseach leis breóite, agus ba mhór aige an seirbhíseach, agus bhí sé ag dul chun báis. 3Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. 4Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar: Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó, 5Óir tá grádh aige d’ár gcine, agus do chuir sé féin suas sinagóg dúinn. 6Agus bhí Íosa ag dul leó, agus nuair a bhíodar tagaithe i n-achmaireacht do’n tigh do chuir an taoiseach céad cáirde leis ag triall air chun a rádh: A Thighearna, ná cuir thu féin chun trioblóide, mar ní fiú mise go dtiocfá fá m’dhíon isteach: 7Is uime sin nár thuigeas gur bh’fhiú mé mé féin do dhul ag triall ort; ach abair i bhfocal é agus beidh mo sheirbhíseach slán. 8Óir is duine mise atá socair fé smacht, agus tá fir fé smacht agam; agus deirim le fear, Imthigh, agus imthigheann sé; agus le fear eile, Tar, agus tagann sé; agus le m’sheirbhíseach, Dein so, agus deineann sé é. 9Agus nuair a dh’airigh Íosa an méid sin dhein sé iongna dhe, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine a bhí ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Go deimhin a deirim libh, ní’l a leithéid sin de chreideamh fághalta agam i n-Israél féin. 10Agus na daoine a tháinig do chuadar thar n-ais abhaile, agus an seirbhíseach a bhí ag dul chun báis fuaradar leighiste é.

11Agus do thárla ’n-a dhiaidh san go raibh sé ag dul go dtí an chathair ar a dtugtar Náim, agus bhí a dheisgiobuil i n-aonfheacht leis agus sluagh mhór. 12Agus nuair a bhí sé ag teacht chun geata na catharach, féach, bhí corp d’á bhreith amach, aonmhac a bhí agá mháthair,