Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/168

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
158
Caib. VI. 38
LÚCÁS

daoibh. 38Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.

39Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg? 40Ní’l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.

41Cad uime, ámhthach, go bhfeiceann tú an dúradán i súil do bhráthar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad’ shúil féin? 42Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do shúil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.

43Óir ní’l crann fóghanta a thugann droch-thoradh uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh. Mar aithnightear gach crann as a thoradh. 44Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach. 45Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.

46Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, [1]A Thighearna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim? 47Gach duine a thagann chúgham-sa agus d’éisteann le m’ chaint agus a dheineann d’á réir taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é: 48Is cosmhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé daingean ar an gcaraig. 49Ach an t-é a chloiseann agus ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an tuile ’n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba thiubaisteach é tuitim an tighe sin.

  1. Mait. vii. 21; Rómh. ii. 13; Séam. i. 22.