Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/172

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
162
Caib. VII. 40
LÚCÁS

dhó an nídh sin agus dubhairt sé i n’aigne féin: Dá mba fáidh an fear so bheadh fhios aige, gan amhras, cé h-í an bhean so atá ag teangabháil leis agus cad é an saghas í, gur bean pheacamhail í. 40Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: A Shímóin, tá nídh agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: Abair é, a Mháighistir. 41Bhí fear ann agus bhí fiacha aige ar bheirt; bhí chúig céad píosa airgid aige ar dhuine acu agus caogad píosa ar an nduine eile. 42Ní raibh ar chumas aoinne acu díoluigheacht a dhéanamh, agus do mhaith sé na fiacha dhóibh araon. Cé ’cu de’n bheirt is mó grádh dhó? 43Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: Measaim gur b’é an t-é is mó n-ar mhaith sé dhó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart. 44Agus d’iompuigh sé chun na mná, agus dubhairt sé le Símón: An bhfeiceann tú an bhean san? Thánag isteach ad’ thigh-se, níor thugais-se dhom uisge dom’ chosaibh; ach do nigh sí seo mo chosa le n-a deóraibh, agus do thriomuigh sí iad le n-a gruaig. 45Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos. 46Níor ongais-se mo cheann le h-ola, ach d’ong sí seo mo chosa le h-ola. 47D’á bhrígh sin adeirim leat: íTáid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha. An t-é, ámhthach, d’á maithtear an beagán is beagán a ghrádh.[* 1] 48Agus dubhairt sé léi-se: [1]Táid na peacaí maithte dhuit. 49Agus do chrom an mhuintir a bhí ag an mbórd ar a rádh ’n-a n-aigne féin: Cé h-é seo, a théigheann chómh fada le peacaí mhaitheamh? 50Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcháin.

  1. Ver. 47. “Táid a lán peacaí maithte dhi tré mhéid a grádha.” Sa scriptiúir, uaireanta, ainimníghtear toradh d’aon chúis amháin bíodh go mbíonn a lán cúiseana ag dul chuige. Deirtear anso go bhfuilid a peacaí maithte do’n mhnaoí seo mar gheall ar “mhéid a grádha,” ach i Ver. 50, deir Críost léi, “do shaor do chreideamh thu.” Fágann sán go dtéidheann creideamh agus dóchas agus grádh agus dólás croidhe, agus a lán eile deagh-mhéinní, chun duine dh’iompáil ar Dhia.