CAIBIDIOL VIII.
1Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabháil tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis. 2Agus raint ban a saoradh ó annspridíbh agus ó ghalaraibh: Máire, ar a dtugtar Magdalén, n-ar imthigh na seacht ndeamhain aisti, 3Agus Ióanna, bean Chúsa, stíobhard Héróid, agus Súsanna, agus a lán eile ban, agus iad ag friothálamh air as a ngustal féin.
4Agus tráth d’á raibh sluagh ana-mhór cruinnighthe, agus iad ag ruith amach as na catharachaibh ag triall air, dubhairt sé, i bhfuirm soluíde:
5Chuaidh curadóir amach ag cur a chod’ síl; agus nuair a bhí sé ag cur an tsíl do thuit cuid de i n-aice an bhóthair; agus do gabhadh do chosaibh ann, agus d’itheadar éanlaithe an aeir é. 6Agus do thuit tuille dhe ar an gcaraig; agus d’fheóch sé sa bhfás, mar ní raibh an úrmhaireacht aige. 7Agus do thuit tuille dhe ameasg na sgeach; agus d’fhás na sgeacha i n-aonfheacht leis, agus mhúchadar é. 8Agus do thuit tuille dhe sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.
9Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de cad í an tsolúid í sin. 10Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, [1]i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.[* 1] 11Sidí an tsoluíd. Isé briathar Dé an síol. 12An chuid a thuiteann i n-aice an bhóthair, siniad na daoíne a chloiseann, agus tagann an diabhal ’n-a
- ↑ Isáias vi. 9; Gníomh. xxviii. 26.
- ↑ Ver. 10. “Ionus go bhfeicfidís agus ná feicfidís.” (Feic an nóta, Marc. iv. 12.)