Mo Sgéal Féin/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 61 ]

IX

Sgoil Maghchromtha agus Coláisde Cholmáin

Bhí sgoil Laidne ar an dtaobh thall de’n drochad, i Maghchromtha, an uair sin, díreach ag bun an chaisleáin, ag firín beag d’ár bh’ainim Mac Nally. Do raghfá thar drochad anonn i dtreó an chaisleáin, agus nuair [ 62 ]a bheifeá ag an gceann thall de’n drochad, díreach ag ceann slaite an drochaid, d’iompófá isteach i leith do lámha deise agus do raghfá síos cúpla ciscéim staighre nó trí. Ansan do chífeá dorus ar t’ aghaidh amach. Do bhuailfeá an dorus. Do h‑osgalófaí dhuit. Do raghfá isteach sa halla. Do h‑osgalófaí dorus eile dhuit ar do láimh dheis. Do raghfá isteach i seómra. Chífeá ansan istigh rómhat seisear nó mórsheisear garsún ’n‑a suidhe ag bórd agus an maighistir ag ceann an bhúird, iad-san ag foghluim agus an máighistir ’ghá múineadh. Chífeá finneóg ar aghaidh an doruis isteach. D’fhéachfá an fhinneóg san amach agus chífeá, buailte suas le bun na finneóige, an abha, an Solán, ag gabháil thar an bhfinneóig soir, agus isteach fé súilibh an drochaid, go breagh ciúin leathan réidh.

Istigh sa tseómra san, agus mo ghuala chlé leis an bhfinneóig sin, iseadh do leigeas-sa mo shúile an chéad uair riamh ar na trí focalaibh beaga millteacha úd, .i. “hic, haec, hoc.” Ní’l ansan agat ach trí cinn acu, ach tá deich gcinn fichid acu ar fad i ndíchlaonadh an aon fhocailín sin amháin. Tháinig taithíghe mhaith agam ortha ’n‑a dhiaigh san, ach an chéad uair riamh a chuireas chun iad d’fhoghluim, ansúd ar aghaidh na finneóige úd isteach, do bhriseadar mo chroídhe ionam. Dá n‑innstí dhom ar dtúis cad é an bhrígh a bhí leó do gheóbhadh m’ aigne greim éigin ortha; ach níor h‑innseadh. Dob’ ait an raghas múineadh é. Na focail d’á ngabháil ar dtúis do ghlan mheabhair sar a dtugtí aon chaoi do’n bhreitheamhantas ar iad do láimhseáil i n‑aon chor! Agus gur chóir go mbéadh ’fhios ag aoinne go mbéadh aon chiall aige gur b’usa go mór rud a ghlacadh do ghlan mheabhair nuair a tuigtear é ’ná sar a dtuigtear é. [ 63 ]Ach go deimhin le fírinne is mó go mór an fhoghluim gan tuisgint a dheintí sa tseómra bheag úd ’ná an fhoghluim le tuisgint.

Ach ní rabhas ró fhada sa tseómra nuair a bhíos ag gabháil do “Chaesar.” Is cuimhin liom go rabhas lá éigin gan dul ar sgoil. Ní chuimhin liom anois an chúis a choimeád gan dul ann mé. Bhíos istigh i dtigh Sheághain uí Shéadha um thráthnóna agus mé ag gabháil do “Chaesar” ar mo dhíceal. Thánag go dtí an focal “propterea quod.” Bhí fhios agam gur bh’ ionan “propterea” agus “because.” “Agus,” arsa mise liom féin, “cad chuige an ‘quod’?” Bhíos i bpúnc. Ní fhéadfainn i n-aon chor a dhéanamh amach cad é an gnó a bhí ag an “quod” sa n-áit sin. Cé bhuailfeadh chúgham isteach ach an máighistir. Tháinig sé féachaint cad a choimeád ó’n sgoil mé an lá san. D’innseas dó. Bhí sé sásta. Dúbhairt sé go raibh eagal air gur breóite a bhíos. Siúd chun an leabhair mé.

“Look here, sir,” arsa mise, “what is the meaning of this ‘propterea quod’?”

“Oh,” ar seisean, ‘propterea quod’ is ‘because.

“But,” arsa mise, “what is ‘quod’?”

“Oh,” ar seisean, “that is quite simple. ‘Quod’ is ‘because’; ‘propterea quod’ is ‘because’;” agus d’fhéach sé orm chómh maith le n-a rádh, “You must be very stupid not to see that simple matter.”

Níor chuas níba shia ar an sgéal leis, nídh nár bh’iongnadh. Bhí “propterea” “because” agam. Agus bhí “quod” “because” agam. Agus bhí “propterea quod” “because” agam. Agus mura sásóchadh san mé, cad a shásóchadh mé?

Chuir an máighistir sin i gcuimhne dhom sgéal a dh’ airigheas abhfad roimis sin ó Sheághan ua Laoghaire, [ 64 ]ó’n bhfear úd a dúbhairt le Seághan ua Luasa gur chuma nó watch gach aon tsúil leis.

Fadó, nuair a tháinig na Franncaigh isteach i gcuan Bheanntraighe, bhí beirt aedhrí bó i b-áit éigin lastoir de Bheanntraighe. Diarmuid ab ainim do dhuine acu agus Dómhnall ab ainim do’n fear eile. Bhí an dá fheirm ar a rabhadar ag aedhreacht teóranach d’á chéile. Do bhuaileadh an bheirt umá chéile go minic ar dhá thaobh chlaidhe na teóran agus bhídís ag seanachaidheacht. Ní túisge a bhí na Franncaigh istigh i gcuan Bheanntraighe ’ná mar a leath an sgéal go tiugh ar fuaid na dútha san mór-thímpal. Do bhuail an bheirt aedhrí umá chéile.

“Dia ’s Muire dhuit, a Dhiarmuid.”

“Dia ’s Muire ’s Pádraig dhuit, a Dhómhnaill.”

“An bhfuil aon sgéal nua agat, a Dhiarmuid?”

“Ambriathar go bhfuil, a Dhómhnaill, agus nách aon sgéal fóghanta é ach togha droch sgéil.”

“Ach! Dia linn! a Dhiarmuid. Agus cad é an saghas sgéil é?”

“Tá go bhfuil invasion ana mhór go léir ag teacht."

“Agus cé inis duit, a Dhiarmuid, go raibh sé ag teacht?”

“Tá sé i mbéal gach aoinne.”

“Ach! go bhfóiridh Dia orainn! Cad a dhéanfaid na daoine i n-aon chor?”

“Ní fheadar an tsaoghal cad a dhéanfaid siad. Beidh an sgéal go h-olc acu is baoghalach.”

“Agus cogar, a Dhiarmuid. Cathain atá sé ag teacht?”

“Ambasa ach tá fé buailte leat, a mhic ó.”

“Invasion” mór! Dia linn a’s Muire!”

[ 65 ]“Invasion mór go díreach, an t-invasion is mó d’ár tháinig ar Éirinn riamh fós.”

“Agus cogar, a Dhiarmuid. Mar is eól duit, ní duine ró thuisgionach mise i neithibh de’n tsórd san. Cad é an saghas ruda, an dtuigean tú mé, an t-invasion mór so?”

“Tá, a Dhómhnaill, (an dtuigean tú mé?) invasion; ’sé sin le rádh, ‘invasion.’ Ní’l ach mar a déarfadh duine ‘invasion,’ ansan, tá fhios agat.”

“Ó, tá ’fhios agam, a Dhiarmuid.”

Do chuireadh Seághan ua Laoghaire sgeartadh gáire ar nuair a bhíodh an sgéal san inste aige, agus go deimhin do chuireadh gach aoinne a bhíodh ag éisteacht leis sgeartadh gáire as. Do mhínigh an máighistir úd “propterea quod” dómh-sa ar an gcuma gcéadna díreach: –

“Ní’l ach mar a dhéarfá ‘because’ ansan, tá ’fhios agat.”

“Tá ’fhios agam,” arsa mise, agus d’fhágas ansan an sgéal.

Bhí ana dhúil ag an máighistir i ngal tobac. An fhaid a bhímís-ne ag casadh le “hic, haec, hoc” d’fhoghluim bhíodh an máighistir bocht ag ól a phíopa. Bhí an fear bocht go maith chuige. Bhíodh sé ag tarang an phíopa agus an deatach ag gluaiseacht ar fuid an tseómra go dtí gur bh’ ar éigin fhéadaimís a chéile dh’fheisgint, ní áirighim leabhar do léigheadh.

Fé dheire d’imthigh sé as an sráid ar fad, agus d’fhág sé ansan sinn.

Bhí sgoil eile Laidne i Maghchromtha an uair chéadna. Thuas i mBóthar Massy a bhí an sgoil sin, agus fear d’ár bh’ ainim Toirdhéalbhach ua Goilídhe a bhí ’ghá múineadh. Nuair a bhí Mac Nally imthighthe chuadhmair go léir suas [ 66 ]ag triall ar Ua Goilídhe. Is dóich liom gur thugas leathbhliain ar an sgoil sin.

An uair sin díreach iseadh do h-osgaladh Coláisde Cholmáin i Mainistir Fhear Muighe. Níor bh’fhéidir dómh-sa, ná d’á lán dem’ shórd, dul isteach sa choláisde sin, mar do chaithfinn deich bpúint fichid sa mbliain do dhíol asam féin ann.

Nuair a h-osgaladh Coláisde Cholmáin bhí cuid des na sagartaibh ar fuid na dútha ag gearán go cruaidh ar an éagcóir a dhéanfadh an coláisde sin ar na buachaillíbh go raibh éirim aigne acu agus ná raibh an gustal airgid agá n-aithreachaibh. Mar gheall ar an ngearán do dhein an t-Easbog, an t-Athair Liam ua Catháin, socarughadh. Do shocaruigh sé, aon bhuachaill go mbéadh an éirim aigne thar bár aige agus ná béadh an t-airgead aige, go gcaithfí é ghlacadh saor isteach i gColáisde Cholmáin. Do shásaimh an méid sin a lán des na sagartaibh. Bhí cuid acu ná raibh sásta. Dúbhradar ’n-a n-aigne ná féadfadh an socarughadh san puínn tairbhe dhéanamh. Ná raibh aon airgead chun an choláisde choimeád suas ach an t-airgead a dhíolfadh na buachaillí asta féin ann. D’á bhrígh sin nár bh’ féidir ach fíor bheagán díobh a ghlacadh isteach saor, pé éirim aigne béadh acu. Dúbhairt a lán des na sagartaibh gur bh’ fhearr leigint do gach aon bhuachaill a chuid léiginn do sholáthar ’n-a rogha sgoil agus ansan an t-inead i gColáisde Mhaighe Nuadhat a thabhairt do’n bhuachaill ab fhearr. Dúbhairt tuille acu nár mhaith i n-aon chor an rud é sin. Gur mhór an osgailt aigne, agus an osgailt súl, d'aon buachaill caoi thabhairt dó ar raint aimsire chaitheamh i sgoil éigin phoibilidhe i n-aice an bhaile sar a’ raghadh sé isteach i gColáisde Mhaighe Nuadhat. D’á éagmuis sin, nuair a bhéadh triail comórtais idir [ 67 ]bhuachaillíbh ós na sgoileanaibh tuatha agus na buachaillí a bhéadh i gColáisde Cholmáin, go mbéarfad buachaillí an choláisde an buadh leó pé éirim aigne bhéadh ag buachaillíbh na tuatha. Dúbhradh ’n-a choinnibh sin, go raibh an múineadh ins na sgoileanaibh tuatha, nó i gcuid acu ar aon chuma, níb’ fhearr ’ná an múineadh a bhéadh le fághail istigh sa choláisde, tar éis an deich bpúint fichid sa mbliain a bheith díolta as.

Bhí sagart paróiste sa Domhnach Mhór, deich míle soir ó-thuaidh ó Maghchromtha, agus bhí sé ar an aigne sin go daingean. Chun a thaisbeáint go raibh an ceart aige do rug sé leis ó Maghchromtha Toirdhéalbhach ua Goilídhe, agus d’osgail sé sgoil sa Domhnach Mhór dó, agus chuir sé ag múineadh na dteangthacha ann é.

D’fhág san mise airís ar seachrán. Ach bhí fear de mhuíntir Shúiliobháin, fear ó Chiarraighe, ag múineadh sgoile i gCeann Tuirc, agus bhí fear gur b’ ainim dó Tomás ua Laoghaire ’n-a chómhnuighe ar Doire na Móna, tímpal trí mhíle siar ó Cheann Tuirc. Clann na beirte drithár ab eadh an Tomás ua Laoghaire sin agus mo mháthair-se. Chuas ó-thuaidh go Ceann Tuirc ar sgoil agus thagainn go Doire na Móna gach aon oídhche go tigh Thomáis uí Laoghaire. Thugas, is dóich liom, bliain nó bliain go leith ag dul ar an sgoil sin.

Bhí an sgoil sin maith go leór ar feadh tamaill. Bhí mórán sgoláirí ag teacht ann, agus ní raibh aon chongnamh ag an máighistir. Is amhlaidh a bhíodh gach aoinne ’ghá mhúineadh féin chómh maith agus d’fhéadadh sé é, go minic. Amuich i seana stábla a bhíodh an sgoil againn. Bhí an seana stábla maith go leór i gcaitheamh an tsamhraidh. Nuair a tháinig an geimhre bhí an donas le fuaire air. Nuair a bhíodh an aimsir ana fhuar bhíodh teine againn. Ní raibh aon tsimné ar an stábla. [ 68 ]Bhí poll sa bhfalla, ámhthach, lastiar de’n teine. Bhíodh an poll go maith an fhaid a bhíodh imtheacht na gaoithe tríd siar. Ach nuair a bhíodh an ghaoth ag séideadh tríd an bpoll aniar bhímís múchta ag an ndeatach. Ba mheasa go mór an deatach ’ná an fuacht. Agus go deimhin is amhlaidh a bhíodh an fuacht agus an deatach i n-aonfeacht againn, mar ní bhíodh an teine ach go h-olc.

Fé deire do tuigeadh ins gach aon bhall nár bh’aon mhaith do sgoileanaibh tuatha bheith ag dul i gcomórtas leis an gcoláisde a bhí i Mainistir Fhear Muighe. Do chrom na h-aithreacha, fé mar a bhí aon ghustal acu chuige, ar na buachaillíbh do chur go dtí an coláisde. Do socaruigheadh neithe sa choláisde i dtreó go bhféadfadh buachaill teacht ann agus gan bheith air an deich bpúint fichid do dhíol. D’fhéadfadh sé teacht agus lóisdín a thógaint sa tsráid agus dul isteach sa choláisde gach aon lá. Ansan ní bhéadh air ach sé púint sa mbliain do dhíol as an sgolaidheacht agus d’fhéadfadh sé é féin do chothughadh chómh saor agus do b’ fhéidir é.

Tuig at’ aigne, a léightheóir, go raibh an saoghal ana chruaidh an uair sin ar mhuíntir na h-Éirean. An t-é go mbíodh feirm thailimh aige chaitheadh sé bheith ag obair ó dhubh go dubh chun an chíosa dhéanamh, agus chun é féin agus pé muirighean a bhíodh air do chothughadh agus do chlúdach ar chuma éigin. An fear a bheartuigeadh tabhairt suas do chur ar mhac leis, do chaitheadh sé dúbailt oibre do bhaint as féin agus as an gcuid eile de’n chlainn chun a-n t-aoinne amháin sin do chur chun cinn. D’á bhrígh sin, an buachaill a raghadh go Coláisde Cholmáin agus do thógfadh lóisdín sa tsráid dó féin, do chaithfeadh sé é féin do chothughadh gan puínn rabairne, nó bhéadh éagcóir aige ’á dhéanamh ar an muíntir [ 69 ]a bhéadh sa bhaile ’n-a dhiaigh, ag obair go cruaidh chun eisean do chur chun cinn.

Fé mar a bhí na buachaillí ag imtheacht as na sgoileanaibh tuatha bhíodar-san, nídh nách iongnadh, ag dul chun deiridh agus ag dul i n-olcas. Do thuig m’ athair-se i n’ aigne nár bh’ aon mhaith dhó mé choimeád níba shia i gCeann Tuirc. Do shocaruigh sé i n’ aigne gur bh’ fhearra dhó mé chur go Coláisde Cholmáin am’ sgoláire lae. Do dhein sé an nídh fin. Thugas bliain ar lóisdín sa tsráid agus ag dul isteach sa Choláisde gach aon lá. Nuair a tháinig deire na bliana agus an triail comórtais, féachaint cé gheóbhadh dul go Coláisde Mhaighe Nuadhat do chuas isteach sa chomórtas chómh maith le cách.

Bhí buntáiste mhór ag na buachaillíbh a bhí ’n-a gcómhnuighe istigh sa Coláisde ar na buachaillíbh a bhí amuich ar lóisdín, mar do bhítí ag múineadh na muíntire istigh gach aon tráthnóna. Chuaidh ceathrar agus trí fichid des na buachaillíbh isteach ar an gcomórtas san. Nuair a bhí an triail dhéanta do fuaradh go rabhas-sa ar an gceathramhadh duine. Ní raibh ach triúr ann a bhí níb’ fhearr ’ná mé. Ní raibh aon mhaith dhom sa méid sin, mar ní raibh ach trí h-inid folamh i Magh Nuadhat an bhliain sin. Chuaidh m’ athair ansan agus do labhair sé leis an Easbog agus chuir sé i gcuimhne dhó an socarughadh a deineadh nuair a h-osgaladh an Coláisde. Mar gheall ar an socarughadh san do thug an t-Easbog inead saor sa Choláisde dhom i gcaitheamh na bliana a bhí chúghainn, agus nuair a tháinig an triail airís do chuas go Magh Nuadhat. Sa bhliain d’aoís an Tighearna míle ocht gcéad trí fichid a h-aon ab eadh é sin.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.