Page:Mo sgeal fein.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bhuachaillíbh ós na sgoileanaibh tuatha agus na buachaillí a bhéadh i gColáisde Cholmáin, go mbéarfad buachaillí an choláisde an buadh leó pé éirim aigne bhéadh ag buachaillíbh na tuatha. Dúbhradh ’n-a choinnibh sin, go raibh an múineadh ins na sgoileanaibh tuatha, nó i gcuid acu ar aon chuma, níb’ fhearr ’ná an múineadh a bhéadh le fághail istigh sa choláisde, tar éis an deich bpúint fichid sa mbliain a bheith díolta as.

Bhí sagart paróiste sa Domhnach Mhór, deich míle soir ó-thuaidh ó Maghchromtha, agus bhí sé ar an aigne sin go daingean. Chun a thaisbeáint go raibh an ceart aige do rug sé leis ó Maghchromtha Toirdhéalbhach ua Goilídhe, agus d’osgail sé sgoil sa Domhnach Mhór dó, agus chuir sé ag múineadh na dteangthacha ann é.

D’fhág san mise airís ar seachrán. Ach bhí fear de mhuíntir Shúiliobháin, fear ó Chiarraighe, ag múineadh sgoile i gCeann Tuirc, agus bhí fear gur b’ ainim dó Tomás ua Laoghaire ’n-a chómhnuighe ar Doire na Móna, tímpal trí mhíle siar ó Cheann Tuirc. Clann na beirte drithár ab eadh an Tomás ua Laoghaire sin agus mo mháthair-se. Chuas ó-thuaidh go Ceann Tuirc ar sgoil agus thagainn go Doire na Móna gach aon oídhche go tigh Thomáis uí Laoghaire. Thugas, is dóich liom, bliain nó bliain go leith ag dul ar an sgoil sin.

Bhí an sgoil sin maith go leór ar feadh tamaill. Bhí mórán sgoláirí ag teacht ann, agus ní raibh aon chongnamh ag an máighistir. Is amhlaidh a bhíodh gach aoinne ’ghá mhúineadh féin chómh maith agus d’fhéadadh sé é, go minic. Amuich i seana stábla a bhíodh an sgoil againn. Bhí an seana stábla maith go leór i gcaitheamh an tsamhraidh. Nuair a tháinig an geimhre bhí an donas le fuaire air. Nuair a bhíodh an aimsir ana fhuar bhíodh teine againn. Ní raibh aon tsimné ar an stábla.