Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/82

From Wikisource
This page has been validated.
68
Mo sgéal féin

Bhí poll sa bhfalla, ámhthach, lastiar de’n teine. Bhíodh an poll go maith an fhaid a bhíodh imtheacht na gaoithe tríd siar. Ach nuair a bhíodh an ghaoth ag séideadh tríd an bpoll aniar bhímís múchta ag an ndeatach. Ba mheasa go mór an deatach ’ná an fuacht. Agus go deimhin is amhlaidh a bhíodh an fuacht agus an deatach i n‑aonfheacht againn, mar ní bhíodh an teine ach go h‑olc.

Fé deire do tuigeadh ins gach aon bhall nár bh’aon mhaith do sgoileanaibh tuatha bheith ag dul i gcomórtas leis an gcoláisde a bhí i Mainistir Fhear Muighe. Do chrom na h‑aithreacha, fé mar a bhí aon ghustal acu chuige, ar na buachaillíbh do chur go dtí an coláisde. Do socaruigheadh neithe sa choláisde i dtreó go bhféadfadh buachaill teacht ann agus gan bheith air an deich bpúint fichid do dhíol. D’fhéadfadh sé teacht agus lóisdín a thógaint sa tsráid agus dul isteach sa choláisde gach aon lá. Ansan ní bhéadh air ach sé púint sa mbliain do dhíol as an sgolaidheacht agus d’fhéadfadh sé é féin do chothughadh chómh saor agus do b’ fhéidir é.

Tuig at’ aigne, a léightheóir, go raibh an saoghal ana chruaidh an uair sin ar mhuíntir na h‑Éirean. An t‑é go mbíodh feirm thailimh aige chaitheadh sé bheith ag obair ó dhubh go dubh chun an chíosa dhéanamh, agus chun é féin agus pé muirighean a bhíodh air do chothughadh agus do chlúdach ar chuma éigin. An fear a bheartuigeadh tabhairt suas do chur ar mhac leis, do chaitheadh sé dúbailt oibre do bhaint as féin agus as an gcuid eile de’n chlainn chun an t‑aoinne amháin sin do chur chun cinn. D’á bhrígh sin, an buachaill a raghadh go Coláisde Cholmáin agus do thógfadh lóisdín sa tsráid dó féin, do chaithfeadh sé é féin do chothughadh gan puínn rabairne, nó bhéadh éagcóir aige ’á dhéanamh ar an muíntir