Page:Mo sgeal fein.djvu/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Invasion mór go díreach, an t-invasion is mó d’ár tháinig ar Éirinn riamh fós.”

“Agus cogar, a Dhiarmuid. Mar is eól duit, ní duine ró thuisgionach mise i neithibh de’n tsórd san. Cad é an saghas ruda, an dtuigean tú mé, an t-invasion mór so?”

“Tá, a Dhómhnaill, (an dtuigean tú mé?) invasion; ’sé sin le rádh, ‘invasion.’ Ní’l ach mar a déarfadh duine ‘invasion,’ ansan, tá fhios agat.”

“Ó, tá ’fhios agam, a Dhiarmuid.”

Do chuireadh Seághan ua Laoghaire sgeartadh gáire ar nuair a bhíodh an sgéal san inste aige, agus go deimhin do chuireadh gach aoinne a bhíodh ag éisteacht leis sgeartadh gáire as. Do mhínigh an máighistir úd “propterea quod” dómh-sa ar an gcuma gcéadna díreach: –

“Ní’l ach mar a dhéarfá ‘because’ ansan, tá ’fhios agat.”

“Tá ’fhios agam,” arsa mise, agus d’fhágas ansan an sgéal.

Bhí ana dhúil ag an máighistir i ngal tobac. An fhaid a bhímís-ne ag casadh le “hic, haec, hoc” d’fhoghluim bhíodh an máighistir bocht ag ól a phíopa. Bhí an fear bocht go maith chuige. Bhíodh sé ag tarang an phíopa agus an deatach ag gluaiseacht ar fuid an tseómra go dtí gur bh’ ar éigin fhéadaimís a chéile dh’fheisgint, ní áirighim leabhar do léigheadh.

Fé dheire d’imthigh sé as an sráid ar fad, agus d’fhág sé ansan sinn.

Bhí sgoil eile Laidne i Maghchromtha an uair chéadna. Thuas i mBóthar Massy a bhí an sgoil sin, agus fear d’ár bh’ ainim Toirdhéalbhach ua Goilídhe a bhí ’ghá múineadh. Nuair a bhí Mac Nally imthighthe chuadhmair go léir suas