Le hAis na Teineadh/Páidín O'Ceallaigh agus an easóg

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Le hAis na Teineadh by Dubhghlas de hÍde
Páidín O'Ceallaigh agus an easóg
[ 72 ]

PÁIDÍN O’CEALLAIĠ AGUS AN EASÓG.


A ḃfad ó ṡoin ḃí fear d’ar’ ḃ’ainm Páidín O’Ceallaiġ ’nna ċóṁnuiḋe i ngar do Ṫuaim i gcondaé na Gailliṁe. Aon ṁaidin aṁáin d’éiriġ sé go moċ agus ní raiḃ ḟios aige cia an t-am a ḃi sé, mar ḃí solas breáġ ó’n ngealaiġ. Ḃí dúil aige le dul go h-aonaċ Ċáṫair-na-mart le storc asail do ḋíol.

Ní raiḃ sé níos mó ’na trí ṁíle air an mbóṫar go dtáinig dorċadas mór air, agus ṫosuiġ ciṫ trom ag tuitim. Ċonnairc sé teaċ mór ameasg crann timċioll cúig ċeud slat ó’n mbóṫar agus duḃairt sé leis féin, “raċfaiḋ mé ċum an tíġe sin, go dtéiḋ an ciṫ ṫart.” Nuair ċuaiḋ sé ċum an tíġe, ḃí an doras fosgailte, agus asteaċ leis. Ċonnairc sé seomra mór air ṫaoiḃ a láiṁe ċlé, agus teine ḃreáġ ’san ngráta. Ṡuiḋ sé síos air stol le cois an ḃalla, agus níor ḃfada gur ṫosuiġ sé ag tuitim ’nna ċodlaḋ, nuair ċonnairc sé easóg ṁór ag teaċt ċum na teineaḋ agus leag si giniḋ air leic an teaġlaiġ agus d’imṫiġ. Níor ḃfada go dtáinig sí air ais le giniḋ eile agus leag air leic an teaġlaiġ é, agus d’imṫiġ. Ḃí sí ag imṫeaċt agus ag teaċt go raiḃ cárnán mór giniḋ air [ 74 ]an teaġlaċ. Aċt faoi ḋeireaḋ nuair d’imṫiġ sí d’éiriġ Páidín, agus ċuir sé an méad óir a ḃí cruinniġṫe aici ann a ṗóca, agus amaċ leis.

Ní raiḃ sé a ḃ-fad imṫiġṫe gur ċualaiḋ sé an easóg ag teaċt ’nna ḋiaiġ agus í ag sgreadaoil ċoṁ h-árd le píobaiḃ. Ċuaiḋ sí roiṁ Páidín air an mbóṫar agus í ag lubarnuiġ anonn ’s anall agus ag iarraiḋ greim sgornaiġ d’ḟáġail air. Ḃí maide maiṫ daraċ ag Páidín agus ċongḃuiġ sé í uaiḋ go dtáinig beirt ḟear suas. Ḃí madaḋ maiṫ ag fear aca, agus ruaig sé asteaċ i bpoll ’san mballa í.

Cuaiḋ Páidín ċum an aonaiġ, agus ann áit é ḃeiṫ tíġeaċt a ḃaile leis an airgiod a fuair sé air a ṡean-asal, mar ṡaoil sé air maidin go mbeiḋeaḋ sé ag deanaṁ, ċeannuiġ sé capall le cuid de’n airgiod a ḃain sé de’n easóig, agus ṫáinig sé a ḃaile agus é ag marcuiġeaċt. Nuair ṫáinig sé ċoṁ fada leis an áit ar ċuir an madaḋ an easóg ann san bpoll, ṫáinig sí amaċ roiṁe, ṫug léim suas, agus fuair greim sgornaiġ air an g-capall. Ṫosuiġ an capall ag riṫ, agus níor ḟeud Páidín a ċeapaḋ, no go dtug sé léim asteaċ i g-clais ṁóir a ḃí líonta d’uisge agus de ṁúlaċ. Ḃí sé ’gá ḃáṫaḋ agus ’gá ṫaċtaḋ go luaṫ, go dtáinig fir suas a ḃí teaċt as Gailliṁ agus ḋíḃir siad an easóg.

Ṫug Páidín an capall a ḃaile leis, agus ċuir sé asteaċ i dteaċ na mbó é, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, d’éiriġ Páidín go moċ, agus ċuaiḋ sé amaċ le uisge agus féar ṫaḃairt do’n capall. Nuair ċuaiḋ sé amaċ ċonnairc sé an easóg ag teaċt amaċ as teaċ na mbó, agus í foluiġṫe le fuil. “Mo [ 76 ]ṡeaċt míle mallaċt ort,” ar Páidín, “tá faitċios orm go ḃfuil anaċain déanta agad.” Cuaiḋ sé asteaċ, agus fuair sé an capall, péire bó-bainne, agus dá laoġ marḃ Ṫáinig sé amaċ agus ċuir sé madaḋ a ḃí aige anḋiaiġ na h-easóige. Fuair an madaḋ greim uirri agus fuair sise greim air an madaḋ. Buḋ madaḋ maiṫ é, aċt b’éigin dó a ġreim sgaoileaḋ sul ṫáinig Páidín suas; aċt ċongḃuiġ sé a ṡúil uirri go ḃfacaiḋ sé í ag dul asteaċ i mboṫán beag a ḃí air ḃruaċ loċa. Ṫáinig Páidín ag riṫ, agus nuair ḃí sé ag an mboṫáinín beag ṫug sé craṫaḋ do’n ṁadaḋ agus ċuir sé fearg air, agus ċuir sé asteaċ roiṁe é. Nuair ċuaiḋ an madaḋ asteaċ ṫosuiġ sé ag taṫfant. Ċuaiḋ Páidín asteaċ agus ċonnairc sé sean-ċailleaċ ann san g-coirnéul. D’ḟiafruiġ sé ḋí an ḃfacaiḋ sí easóg ag teaċt asteaċ.

“Ní ḟacaiḋ mé,” ar san ċailleaċ, “tá mé breóiḋte le galar millteaċ agus muna dtéiḋ tu amaċ go tapa glacfaiḋ tu uaim é.”

Coṁ fad agus ḃí Páidín agus an ċailleaċ, ag caint, ḃí an madaḋ ag teannaḋ asteaċ, no go dtug sé léim suas faoi ḋeireaḋ, agus rug sé greim sgornaiġ air an g-cailliġ.

Sgreaḋ sise, agus duḃairt, “tóg díom do ṁadaḋ a Páidín Ui Ċeallaiġ, agus deunfaiḋ mé fear saiḋḃir díot.”

Chuir Páidín iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air an madaḋ a ġreim sgaoileaḋ, agus duḃairt sé, “Innis dam cia ṫu, no cad fáṫ ar ṁarḃ tu mo ċapall agus mo ḃa?”

“Agus cad fáṫ dtug tusa leat an t-ór a raiḃ mé cúig ċeud ḃliaḋain ’gá ċruinniuġaḋ ameasg cnoc agus gleann an doṁain.”

“Ṡaoil mé gur easóg a ḃí ionnad,” ar Páidín, “no ni ḃainfinn le do ċuid óir; agus niḋ eile, má tá tu cúig [ 78 ]ċeud bliaḋain air an tsaoġal so tá sé i n-am duit imṫeaċt ċum suaiṁnis.”

“Rinne mé coir ṁór i m’óige, agus táim le ḃeiṫ sgaoilte óm’ ḟulaing má ṫig leat fiċe púnta íoc air son ceud agus trí fiċid aifrionn dam.”

“Cá ḃfuil an t-airgiod?” ar Páidín.

“Éiriġ agus róṁar faoi sgeiċ atá os cionn tobair ḃig i g-coirneul na páirce sin amuiġ, agus geoḃaiḋ tu pota líonta d’ór. Íoc an fiċe púnta air son na n-aifrionn agus ḃéiḋ an ċuid eile agad féin. Nuair a ḃainfeas tu an leac de’n ṗota feicfiḋ tu madaḋ mór duḃ ag teaċt amaċ, aċt ná bíoḋ aon ḟaitċios ort; is mac daṁsa é. Nuair a ġeoḃas tu an t-ór, ceannuiġ an teaċ ann a ḃfacaiḋ tu mise i dtosaċ, geoḃaiḋ tu saor é, mar tá sé faoi ċáil go ḃfuil taiḋḃse ann. Béiḋ mo ṁac-sa ṡíos ann san tsoiléar,” ní ḋéanfaiḋ sé aon doċar duit, aċt béiḋ sé ’nna ċaraid maiṫ ḋuit. Béiḋ mise marḃ mí ó’n lá so, agus nuair ġeoḃas tu marḃ mé cuir splanc faoi an mboṫán agus dóiġ é. Ná h-innis d’aon neaċ beó aon níḋ air biṫ de m’ṫaoiḃ-se, agus béiḋ an t-áḋ ort.”

“Cad é an t-ainm atá ort?” ar Páidín.

“Máire ni Ciarḃáin,” ar san ċailleaċ.

Ċuaiḋ Páidín a ḃaile agus nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ṫug sé láiḋe leis agus ċuaiḋ sé ċum na sgeiċe a ḃí i g-coirneul na páirce agus ṫosuiġ sé ag róṁar. Níor ḃfada go ḃfuair sé an pota agus nuair ḃain sé an leac dé léim an madaḋ mór duḃ amaċ, agus as go bráṫ leis, agus madaḋ Ṗáidin ’nn a ḋiaiġ.

Ṫug Páidín an t-ór a ḃaile agus ċuir sé i ḃfolaċ i dteaċ na mbó é. Timċioll mí ’nna ḋiaiġ sin, ċuaiḋ sé go h-aonaċ i nGailliṁ agus ċeannuiġ sé péire bó, capall [ 80 ]agus duisín caora. Ní raiḃ ḟios ag na cóṁarsannaiḃ cia an áit a ḃfuair sé an t-airgiod. Duḃairt cuid aca go raiḃ roinn aige leis na daoniḃ maiṫe.

Aon lá aṁáin ġleus Páidín é féin agus ċuaiḋ sé ċum an duine-uasail ar leis an teaċ mór, agus d’ iarr air, an teaċ agus an talaṁ do ḃí ’nna ṫimcioll, do ḋíol leis.

“Tig leat an teaċ ḃeiṫ agad gan ċíos, aċt ta taiḋḃse ann, agus níor ṁaiṫ liom ṫu dul do ċóṁnuiḋe ann, gan a innsint, aċt ní sgarfainn leis an talaṁ gan ceud púnta níos mó ’ná tá agad-sa le tairgsint dam.”

“B’éidir go ḃfuil an oiread agam-sa ’s atá agad féin,” ar Páidín, “béiḋ mé ann so amáraċ leis an airgiod má tá tusa réiḋ le seilḃ do ṫaḃairt dam.”

“Béiḋ mé réiḋ,” ar san duine-uasal.

Ċuaiḋ Páidín aḃaile agus d’innis d’á ṁnaoi go raiḃ teaċ mór agus gaḃáltas talṁan ceannuiġṫe aige.

“Cia an áit a ḃfuair tu an t-airgiod?” ar san ḃean.

“Naċ cuma ḋuit?” ar Páidín.

Lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín ċum an duine-uasail, ṫug ceud púnta ḋó, agus fuair seilḃ an tiġe agus an talṁan, agus d’ḟág an duine-uasal an truscán aige asteaċ leis an margaḋ.

D’ḟan Páidín ann san teaċ an oiḋċe sin, agus nuair ṫáinig an dorċadas ċuaiḋ sé síos ann san tsoiléar, agus ċonnairc sé fear beag le na ḋá ċois sgarṫa air ḃáirille.

“’Niḋ Dia ḋuit, a ḋuine ċóir,” ar san fear beag.

“Go mbuḋ h-é ḋuit,” ar Páidín.

“Ná bíoḋ aon ḟaitċios ort róṁam-sa,” ar san fear beag, “béid mé mo ċaraid maiṫ ḋuit-se má tá tu ionnán run do ċongḃáil.”

[ 82 ]“Táim go deiṁin. Ċongḃuiġ mé rún do ṁátar, agus congḃóċaiḋ mé do rún-sa mar an g-ceudna.”

“B’éidir go ḃfuil tart ort,” ar san fear ḃeag.

“Ní’l mé saor uaíḋ,” air Páidín.

Ċuir an fear beag láṁ ann a ḃrollaċ, agus ṫarraing sé corn óir amaċ, agus ṫug do Páidín é, agus duḃairt leis, “tarraing fíon as an mbáirille sin fúm.”

Ṫarraing Páidín lán coirn agus ṡeaċaid do’n ḟear beag é. “Ól, ṫu féin, i dtosaċ,” ar seisean. D’ól Páidín, ṫarraing corn eile agus ṫug dón ḟear beag é, agus d’ól sé é.

“Líon suas agus ól arís,” ar san fear beag, “is mian liom-sa ḃeiṫ go súgaċ anoċt.”

Ḃí an ḃeirt ag ól gó raḃadar leaṫ air meisge. Ann sin ṫug an fear beag léim anuas air an urlár, agus duḃairt le Páidín, “naċ ḃfuil dúil agad i g-ceól?”

“Tá go deiṁin,” ar Páidín, “agus is maiṫ an daṁsóir mé.”

“Tóg suas an leac ṁór atá ’san g-coirneul úd, agus geoḃaiḋ tu mo ṗíobaiḋ fúiṫi.”

Ṫóg Páidín an leac, fuair na píobaiḋ, agus ṫug do ’n ḟear beag iad. D’ḟáisg sé na píobaiḋ air, agus ṫosuiġ sé ag seinm ceóil ḃinn. Ṫosuiġ Páidín ag daṁsa go raiḃ sé tuirseaċ. Ann sin bí deoċ eile aca, agus duḃairt an fear beag:

“Deun mar duḃairt mo ṁáṫair leat, agus taisbéanfaiḋ mise saiḋḃreas mór duit. Tig leat do ḃean ṫaḃairt ann so, aċt ná h-innis dí go ḃfuil mise ann, agus ní ḟeicfiḋ fí mé. Am air biṫ a ḃéiḋeas lionn nó fíon ag teastáil uait tar ann so agus tarraing é. Slán leat [ 84 ]anois, agus téiḋ ann do ċodlaḋ, agus tar ċugam-sa an oiḋċe amáraċ.”

Cuaiḋ Páidín ’nna leabuiḋ, agus níor ḃfada go raiḃ sé ’nna ċodlaḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín a ḃaile agus ṫug a ḃean agus a ċlann go dtí an teaċ mór, agus ḃíodar go sona. An oiḋċe sin ċuaiḋ Páidín síos ann san tsoiléar. Ċuir an fear beag fáilte roiṁe, agus d’iarr air “raiḃ fonn daṁsa air?”

“Ní’l go ḃfáġ’ mé deoċ,” ar Páidín.

“Ól do ṡaiṫ,” ar san fear beag, “ní ḃéiḋ an ḃáirille sin folaṁ fad do ḃeaṫa.”

D’ól Páidín lán an ċoirn agus ṫug deoċ do ’n ḟear ḃeag; ann sin duḃairt an fear beag leis:

“Táim ag dul go Dún-na-síḋ anoċt, le ceól do ṡeinm do na daoiniḃ maiṫe, agus má ṫagann tu liom feicfiḋ tu greann breáġ. Ḃéarfaiḋ mé capall duit naċ ḃfacaiḋ tu a leiṫeid asiaṁ roiṁe.”

“Raċfad agus fáilte,” ar Páidín, “aċt cia an leis-sgeul a ḋeunfas mé le mo ṁnaoi?”

“Téiḋ do ċodlaḋ léiṫe, agus ḃéarfaiḋ mise amaċ ó n-a taoiḃ ṫu, a gan ḟios dí, agus ḃéarfaiḋ mé air ais ṫu an ċaoi ċeudna,” ar san fear beag.

“Táim úṁal,” ar Páidín, “béiḋ deoċ eile agam sul a dtéiḋ mé as do láṫair.”

D’ól sé deoċ andiaiġ díġe, go raiḃ sé leaṫ air meisge agus ċuaiḋ sé ’nn a leabuiḋ ann sin le na ṁnaoi.

Nuair ḋúisiġ sé fuair sé é féin ag marcuiġeaċt air sguaib i ngar do Ḋún-na-síḋ, agus an fear beag ag marcuiġeaċt air sguaib eile le na ṫaoiḃ. Nuair táinig siad ċoṁ fada le cnoc glas an Dúin, laḃair an fear beag [ 86 ]cúpla focal nár ṫuig Páidín; d’ḟosgail an cnoc glas, agus ċuaiḋ Páidín asteaċ i seomra breáġ.

Ní ḟacaiḋ Páidín aon ċruinniuġaḋ ariaṁ mar ḃí ann san dún. Ḃí an áit líonta de ḋaoiniḃ beaga, ḃí fir agus mná ann, sean agus óg. Chuireadar uile fáilte roiṁ Dóṁnal agus roiṁ Páidín O Ceallaiġ. B’é Dóṁnal ainm an ṗíoḃaire ḃig. Ṫáinig ríġ agus bainríoġan na síḋ ’nna láṫair agus duḃairt siad:

“Támaoid uile ag dul go Cnoc Maṫa anoċt, air cuairt go h-árd-riġ agus go bainríoġain ár ndaoine.”

D’éiriġ an t-iomlán aca, agus ċuaiḋ siad amaċ. Ḃí capaill réiḋ ag gaċ aon aca, agus an Cóiste Boḋar le h-aġaiḋ an ríġ agus an bainríoġna. Ċuadar asteaċ ’san g-cóiste. Léim gaċ duine air a ċapall féin, agus bí cinnte naċ raiḃ Páidín air deireaḋ. Ċuaiḋ an píobaire amaċ rompa, agus ṫosuiġ ag seinm ceóil dóiḃ, agus as go bráṫ leó. Níor ḃfada go dtángadar go Cnoc Maṫa. D’ḟosgail an cnoc agus ċuaiḋ an sluaġ síḋ asteaċ.

Ḃí Finḃeara agus Nuala ann sin, árd-ríġ agus bainríoġan Ṡluaiġ-síḋ Ċonnaċt, agus mílte de ḋaoiniḃ beaga. Ṫáinig Finḃeara a láṫair agus duḃairt:

“Támaoid dul báire ḃualaḋ ann aġaiḋ sluaiġ-síḋ Ṁúṁan anoċt, agus muna mbuailfimíd iad tá ár g-clú imṫiġṫe go deó. Tá an báire le ḃeiṫ buailte air Ṁáiġ-Túra faoi ṡliaḃ Belgadáin.”

“Támaoid uile réiḋ,” ar sluaġ-siḋ Ċonnaċt, “agus ní’l aṁras againn naċ mbuailfimíd iad.”

“Amaċ liḃ uile,” ar san t-árd-ríġ, “béiḋ fir Ċnuic Néifin air an talaṁ rómainn.”

D’imṫiġeadar uile amaċ, agus Dóṁnal beag agus dá ’r ḋeug píobaire eile rómpa ag seinm ceóil ḃinn. Nuair [ 88 ]ṫángadar go Máġ-Túra ḃí sluaġ-síḋ Ṁúṁan agus siḋ-ḟir Ċnuic Néifin rompa. Anois, is éigin do’n tsluaġ-síḋ beirt ḟear beó do ḃeiṫ i láṫair nuair a ḃíonn siad ag troid no ag bualaḋ báire, agus sin é an fáṫ rug Ḋóṁnal beag Páidín O Ceallaiġ leis. Ḃí fear dar ab ainm an Stangaire Buiḋe ó Innis i g-condaé an Chláir le sluaġ-síḋ Ṁúṁan.

Níor ḃfada gur ġlac an dá ṡluaġ taoḃa, caiṫeaḋ suas an liaṫróid agus ṫosuiġ an greann ná ríriḃ.

Ḃí siad ag bualaḋ báire agus na píobairiḋe ag seinm ceóil, go ḃfacaiḋ Páidín O Ceallaiġ sluaġ Ṁúṁan ag fáġail na láiṁe láidre, agus ṫosuiġ sé ag cuideaċtain le sluaġ-siḋ Ċonnaċt. Ṫáinig an Stangaire i láṫair agus d’ionnsuiġ sé Páidín O Ceallaiġ, aċt níor ḃfada gur ċuir Páidín an Stangaire Buiḋe air a ṫar-an-áirde. Ó ḃualaḋ-báire, ṫosuiġ an dá ṡluaġ ag troid, aċt níor ḃfada gur ḃuail sluaġ Ċonnaċt an sluaġ eile. Ann sin rinne sluaġ Ṁúṁan priompolláin díoḃ féin, agus ṫosuiġ siad ag iṫe uile níḋ glas d’á dtáinig siad suas leis. Ḃíodar ag sgrios na tíre rompa, go dtangadar ċoṁ fada le Conga, nuair d’éiriġ na mílte colam as Ṗoll-mór agus ṡluig siad na priomrolláin. Ní’l aon ainm air an bpoll go dtí an lá so aċt Poll-na-gcolam.

Nuair ġnóṫuiġ sluaġ Ċonnaċt an caṫ, ṫángadar air ais go Cnoc Maṫa, luṫġáireaċ go leór, agus ṫug an ríġ Finḃeara sporán óir do Ṗáidín O Ceallaiġ, agus ṫug an píobaire beag a ḃaile é, agus ċuir sé ’nna ċodlaḋ le na ṁnaoi é.

Ċuaiḋ mí ṫart ann sin, agus ní ṫárla aon niḋ do b’ḟiú a innsint; aċt aon oiḋċe aṁáin ċuaiḋ Páidín síos ’san tsoiléar agus duḃairt an fear beag leis, “Tá mo ṁáṫair marḃ, agus dóġ an boṫán os a cionn.”

[ 90 ]“Is fíor duit,” ar Páidín, “duḃairt sí naċ raiḃ sí le ḃeiṫ air an t-saoġal so aċt mí, agus tá an ṁí suas andé.”

Air maidin, an lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín cum an ḃoṫáin agus fuair sé an ċailleaċ marḃ. Chuirsé splanc faoi an mboṫán agus ḋóiġ sé é Ṫáinig sé a ḃaile ann sin, agus d’innis sé do’n ḟear beag go raiḃ an boṫán dóiġte. Ṫug an fear beag sporán dó agus duḃairt, “Ní ḃéiḋ an sporán sin folaṁ ċoṁ ḟad agus ḃéiḋeas tu beó. Slán leat anois. Ní ḟeicfiḋ tu mé níos mó, aċt bíoḋ cuiṁne gráḋaċ agad air an easóig. B’ise tosaċ agus príoṁ-áḋḃar do ṡaiḋḃris.”

Ṁair Páidín agus a ḃean bliaḋanta anḋiaiġ seó, ann san teaċ mór, agus nuair fuair sé bas d’ḟág sé saiḋḃreas mór ’nna ḋíaiġ, agus muiriġín ṁór le na ċaṫaḋ.

Sin ċugaiḃ mo sgeul anois ó ṫús go deire, mar ċualaiḋ mise ó mo ṁáṫair ṁóir é.