Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/150

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
88
Paidín O’Ceallaiġ agus an easóg.

ṫángadar go Máġ-Túra ḃí sluaġ-síḋ Ṁúṁan agus siḋ-ḟir Ċnuic Néifin rompa. Anois, is éigin do’n tsluaġ-síḋ beirt ḟear beó do ḃeiṫ i láṫair nuair a ḃíonn siad ag troid no ag bualaḋ báire, agus sin é an fáṫ rug Ḋóṁnal beag Páidín O Ceallaiġ leis. Ḃí fear dar ab ainm an Stangaire Buiḋe ó Innis i g-condaé an Chláir le sluaġ-síḋ Ṁúṁan.

Níor ḃfada gur ġlac an dá ṡluaġ taoḃa, caiṫeaḋ suas an liaṫróid agus ṫosuiġ an greann ná ríriḃ.

Ḃí siad ag bualaḋ báire agus na píobairiḋe ag seinm ceóil, go ḃfacaiḋ Páidín O Ceallaiġ sluaġ Ṁúṁan ag fáġail na láiṁe láidre, agus ṫosuiġ sé ag cuideaċtain le sluaġ-siḋ Ċonnaċt. Ṫáinig an Stangaire i láṫair agus d’ionnsuiġ sé Páidín O Ceallaiġ, aċt níor ḃfada gur ċuir Páidín an Stangaire Buiḋe air a ṫar-an-áirde. Ó ḃualaḋ-báire, ṫosuiġ an dá ṡluaġ ag troid, aċt níor ḃfada gur ḃuail sluaġ Ċonnaċt an sluaġ eile. Ann sin rinne sluaġ Ṁúṁan priompolláin díoḃ féin, agus ṫosuiġ siad ag iṫe uile níḋ glas d’á dtáinig siad suas leis. Ḃíodar ag sgrios na tíre rompa, go dtangadar ċoṁ fada le Conga, nuair d’éiriġ na mílte colam as Ṗoll-mór agus ṡluig siad na priomrolláin. Ní’l aon ainm air an bpoll go dtí an lá so aċt Poll-na-gcolam.

Nuair ġnóṫuiġ sluaġ Ċonnaċt an caṫ, ṫángadar air ais go Cnoc Maṫa, luṫġáireaċ go leór, agus ṫug an ríġ Finḃeara sporán óir do Ṗáidín O Ceallaiġ, agus ṫug an píobaire beag a ḃaile é, agus ċuir sé ’nna ċodlaḋ le na ṁnaoi é.

Ċuaiḋ mí ṫart ann sin, agus ní ṫárla aon niḋ do b’ḟiú a innsint; aċt aon oiḋċe aṁáin ċuaiḋ Páidín síos ’san tsoiléar agus duḃairt an fear beag leis, “Tá mo ṁáṫair marḃ, agus dóġ an boṫán os a cionn.”