Le hAis na Teineadh/Ulliam O Ruanaigh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Le hAis na Teineadh by Dubhghlas de hÍde
Ulliam O Ruanaigh
[ 90 ]

UILLIAM O RUANAIĠ.


Ann san aimsir i n-allód ḃí fear ann dar ab ainm Uilliam O Ruanaiġ, ’nna ċóṁnuiḋe i ngar do Ċlár-Gailliṁ. Bí sé ’nna ḟeilméar. Áon lá aṁain ṫáinig an tiġearna-talṁan ċuige agus duḃairt, “Tá cíos tri bliaḋain agam ort, agus muna mbéiḋ sé agad dam faoi ċeann seaċtṁaine caiṫfiḋ mé amaċ air ṫaoiḃ an ḃóṫair ṫu.

“Táim le dul go Gailliṁ amáraċ le h-ualaċ cruiṫneaċta do ḋíol, agus nuair a ġeoḃas mé a luaċ íocfaiḋ mé ṫu,” ar Liam.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuir sé ualaċ cruiṫneaċta air an g-cairt agus ḃí sé dul go Gailliṁ leis. [ 92 ]Nuair ḃí sé timċioll míle go leiṫ imṫiġṫe o’n teaċ, ṫáinig duine-uasal ċuige agus d’ḟiafruiġ sé dé “An cruiṫneaċt atá agad air an g-cairt?”

“Seaḋ,” ar Liam, “tá mé dul ’gá ḋíol le mo ċíos d’íoc.”

“Cia ṁéad atá ann?” ar san duine uasal.

“Tá tonna cneasta ann,” ar Liam.

“Ceannóċaiḋ mé uait é,” ar san duine uasal, “agus ḃéarfaiḋ mé an luaċ is mó ’sa’ masgaḋ ḋuit. Nuair a raċfas tu ċoṁ fad leis an mbóṫairín cártaċ atá air do láiṁ ċlé, cas asteaċ agus ḃí ag imṫeaċt go dtagaiḋ tu go teaċ mór atá i ngleann, agus ḃéiḋ mise ann sin róṁad le d’ airgiod do ṫaḃairt duit.”

Nuair ṫáinig Liam ċoṁ fada leis an mbóṫairín ċas sé asteaċ, agus ḃí sé ag imṫeaċt go dtáinig sé ċoṁ fada le teaċ mór. Ḃí iongantas air Liam nuair ċonnairc sé an teaċ mór, mar rugaḋ agus tógaḋ ann san g-cóṁarsanaċt é, agus ní ḟacaiḋ sé an teaċ mór ariaṁ roiṁe, cíḋ go raiḃ eólas aige air uile ṫeaċ i ḃfoiġseaċt cúig ṁíle ḋó.

Nuair ṫáinig Liam i ngar do sgioból a ḃí anaice leis an teaċ mór ṫáinig buaċaill beag amaċ agus duḃairt, “céad míle fáilte róṁad a Liaim Ui Ruanaiġ,” ċuir sac air a ḋruim agus ṫug asteaċ é. Ṫáinig buaċaill beag eile amaċ, ċuir fáilte roiṁ Liam, ċuir sac air a ḋruim, agus d’imṫiġ asteaċ leis. Ḃí buaċailliḋe ag teaċt, ag cur fáilte roiṁ Liam, agus ag taḃairt sac leó, go raiḃ an tonna cruiṫneaċta imṫiġṫe. Ann sin ṫáinig iomlán na mbuaċaill i láṫair agus duḃairt Liam leó. “Tá eólas agaiḃ uile orm-sa agus ní’l eólas agam-sa orraiḃ-se.” Ann sin duḃradar leis, “téiḋ asteaċ, agus iṫ do ḋínnéar, tá an máiġistir ag fanaṁaint leat.”

Ċuaiḋ Liam asteaċ agus ṡuiḋ sé síos ag an mbord. Níor iṫ sé an dara greim go dtáinig trom-ċodlaḋ air [ 94 ]agus ṫuit sé faoi an mbord. Ann sin rinne an draoiḋeadóir fear-bréige cosṁúil le Liam, agus ċuir a ḃaile ċum mná Liaim é, leis an g-capall, agus leis an g-cairt. Nuair ṫáinig sé go teaċ Liaim ċuaiḋ sé suas ann san t-seomra, luiḋ air leabuiḋ, agus fuair bás.

Níor ḃfada go ndeacaiḋ an ġáir amaċ go raiḃ Liam O Ruanaiġ marḃ. Ċuir an ḃean uisge síos agus nuair ḃí sé teiṫ niġ sí an corp agus ċuir os cionn cláir é. Ṫáinig na cóṁarsanna agus ċaoineadar go ḃrónaċ os cionn an ċuirp, agus ḃí truaġ ṁór ann do’n ṁnaoi ḃoiċt aċt ní raiḃ mórán bróin uirri féin, mar ḃí Liam aosta agus í féin óg. An lá air na ṁáraċ cuireaḋ an corp agus ní raiḃ aon ċuiṁne níos mó air Liam.

Ḃí buaċaill-aimsire ag mnaoi Liaim agus duḃairt sí leis, “buḋ ċóir duit mé ṗósaḋ, agus áit Liaim ġlacaḋ.”

“Tá sé ró luaṫ fós, anḋiaiġ bás do ḃeiṫ ann san teaċ,” ar san buaċaill, “fan go mbéiḋ Liam curṫa seaċtṁain.”

Nuair ḃí Liam seaċt lá agus seaċt n-oiḋċe ’nna ċodlaḋ ṫáinig buaċaill beag agus ḋúisiġ é. Ann sin duḃairt sé leis, “táir seaċtṁain do ċodlaḋ. Ċuireamar do ċapall agus do ċairt aḃaile. Seó ḋuit do ċuid airgid, agus imṫiġ.”

Ṫáinig Liam a ḃaile, agus mar ḃí sé mall ’san oiḋċe ní ḟacaiḋ aon duine é. Air maidin an laé sin ċuaiḋ bean Liaim agus an buaċaill-aimsire ċum an t-sagairt agus d’iarr siad air iad do ṗósaḋ.

“Ḃfuil an t-airgiod-pósta agaiḃ?” ar san sagart.

“Ní’l,” ar san ḃean, “aċt tá storc muice agam ’sa’ mbaile, agus tig leat í ḃeiṫ agad i n-áit airgid.”

Ṗós an sagart iad, agus duḃairt, “cuirfead fios air an muic amáraċ.”

Nuair ṫáinig Liam go dtí a ḋoras féin, ḃuail sé buille [ 96 ]air. Ḃí an ḃean agus an buaċaill-aimsire ag dul ċum a leabuiḋ, agus d’ḟiafruiġ siad, “cia tá ann sin?”

“Mise,” ar Liam, “fosgail an doras dam.”

Nuair ċualadar an guṫ ḃí ḟios aca gur ’bé Liam do ḃí ann, agus duḃairt a ḃean, “ní ṫig liom do leigean asteaċ, agus is mór an náire ḋuit ḃeiṫ teaċt air ais an-ḋiaiġ ṫu ḃeiṫ seaċt lá san uaiġ.”

“An air mire atá tu?” ar Liam.

“Ní’lim air mire,” ar san ḃean, “’tá ḟios ag an uile ḋuine ’sa’ bparáiste go ḃfuair tu bás agus gur ċuir mé go geanaṁail ṫu. Téiḋ air ais go d’uaiġ, agus béiḋ aifrionn léiġte agam air son d’anma ḃoiċt amáraċ.”

“Fan go dtagaiḋ solas an laé,” ar Liam, “agus béarfaiḋ mé luaċ do ṁagaiḋ ḋuit.”

Ann sin ċuaiḋ sé ’san stábla, ’n áit a raiḃ a ċapall agus a ṁuc, ṡín sé ann san tuiġe, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, duḃairt an sagart le buaċaill beag a ḃí aige, “téiḋ go teaċ Liaim Ui Ruanaiġ agus ḃéarfaiḋ an ḃean a ṗós mé andé muc duit le taḃairt a ḃaile leat.”

Ṫáinig an buaċaill go doras an tíġe agus ṫosuiġ ’gá ḃualaḋ le maide a ḃí aige. Ḃí faitċios air an mnaoi an doras ḟosgailt, aċt d’ḟiafruiġ sí, “cia tá ann sin?”

“Mise,” ar san buaċaill, “ċuir an sagart mé le muc d’ḟáġáil uait.”

“Tá sí amuiġ ’san stábla,” ar san ḃean.

Ċuaiḋ an buaċaill asteaċ ’san stábla agus ṫosuiġ ag tiomáint na muiċe amaċ, nuair d’éiriġ Liam agus duḃairt, “cá ḃfuil tu ag dul le mo ṁuic?”

Nuair ċonnairc an buaċaill Liam, as go bráṫ leis, agus níor stop go ndeacaiḋ sé ċum an tsagairt agus a ċroiḋe ag teaċt amaċ air a ḃeul le faitċios.

“Cad tá ort?” ar san sagart.

[ 98 ]D’innis an buaċaill dó go raiḃ Liam O Ruanaiġ ann san stábla, agus naċ leigfeaḋ sé ḋó an ṁuċ ṫaḃairt leis.

“Bí do ṫost, a ḃreugadóir,” ar ran sagart, “tá Liam O’Ruanaiġ marḃ agus ann san uaiġ le seaċtṁain.”

“Dá mbeiḋ’ sé marḃ seaċt mbliaḋna connairc mise ann san stábla é ḋá ṁóimid ó ṡoin, agus muna g-creideann tu, tar, ṫu féin, agus feicfiḋ tu é.”

Ann sin ṫáinig an sagart agus an buaċaill le ċéile go doras an stábla, agus duḃairt an sagart, “téiḋ asteaċ agus cuir an ṁuc sin amaċ ċugam.”

“Ní raċfainn asteaċ air son an ṁéid is fiú ṫu,” ar san buaċaill.

Ċuaiḋ an sagart asteaċ ann sin agus ḃí sé ag tiomáint na muice amaċ, nuair d’éiriġ Liam suas as an tuiġe agus duḃairt, “cá ḃfuil tu dul le mo ṁuic, a aṫair Ṗádraig?”

Nuair a ċonnairc an sagart Liam ag éiriġe, as go bráṫ leis, ag ráḋ: “i n-ainm Dé orduiġim air ais go dtí an uaiġ ṫu a Uilliaim Ui Ruanaiġ.”

Ṫosuiġ Liam ag riṫ anḋiaiġ an tsagairt, agus ag ráḋ “A aṫair Ṗádraig ḃfuil tu air mire? fan agus laḃair Liom.”

Níor ḟan an sagart aċt ċuaiḋ a ḃaile ċoṁ luaṫ agus d’ḟeud a ċosa a iomċar, agus nuair ṫáinig sé asteaċ ḋún sé an doras. Ḃí Liam ag bualaḋ an dorais go raiḃ sé sáruiġṫe, aċt ní leigfeaḋ an sagart asteaċ é. Faoi ḋeireaḋ ċuir sé a ċeann amaċ air ḟuinneóig a ḃí air ḃárr an tíġe agus duḃairt, “A Uilliam Ui Ruanaiġ téiḋ air ais ċum d’uaiġe.”

“Tá tu air mire a aṫair Ṗádraig, ní’l mé marḃ, agus ní raiḃ mé ann aon uaiġ ariaṁ ó d’ḟág me bronn mo ṁáṫar,” ar Liam.

“Ċonnairc mise marḃ ṫu,” ar san sagart, “fuair tu bás obann agus ḃí mé i láṫair nuair cuireaḋ ṫu ’san uaiġ, agus rinne mé seanmóir ḃreáġ os do ċionn.”

[ 100 ]“Diaḃal uaim, go ḃfuil tu air mire ċoṁ cinnte a’s atá mise beó,” ar Liam.

“Imṫiġ as m’aṁarc anois agus léiġfiḋ mé aifrionn duit amáraċ,” ar san sagart.

Ċuaiḋ Liam a ḃaile agus ḃuail sé a ḋoras féin aċt ní leigfeaḋ an ḃean asteaċ é. Ann sin duḃairt sé leis féin, “raċfad agus íocfad mo ċíos.” Uile ḋuine a ċonnairc Liam air a ḃealaċ go teaċ an tiġearna ḃí siad ag riṫ uaiḋ, mar ṡaoileadar go ḃfuair sé bás. Nuair ċualaiḋ an tiġearna talṁan go raiḃ Liam O Ruanaiġ ag teaċt ḋún sé na doirse, agus ní leigfeaḋ sé asteaċ é. Ṫosuiġ Liam ag ḃualaḋ an dorais ṁóir gur ṡaoil an tiġearna go mbrisfeaḋ sé asteaċ é. Ṫáinig an tiġearna go fuinneóig a ḃí air ḃárr an tíġe, agus dḟiafruiġ, “cad tá tu ag iarraiḋ?”

“Ṫáinig mé le mo ċíos íoc, mar ḟear cneasta,” ar Liam.

“Téiḋ air ais go dtí d’uaiġ, agus ḃéarfaiḋ mé maiṫeaṁnas duit,” ar san Tiġearna.

“Ní ḟágfaiḋ mé seó, go ḃfáġ’ mé sgríḃinn uait go ḃfuil mé íocṫa suas glan, go dtí an Ḃealtaine seó ċugainn.”

Ṫug an Tiġearna an sgríḃinn dó, agus ṫáinig sé aḃaile. Ḃuail sé an doras, aċt ní leigfeaó an ḃean asteaċ é, ag ráḋ leis go raiḃ Liam O Ruanaiġ marḃ agus curṫa, agus naċ raiḃ ann san ḃfear ag an doras aċt fealltóir.

“Ní fealltóir mé,” ar Liam, “tá mé anḋiaiġ cíos trí ḃliaḋain d’íoc le mo ṁáiġistir, agus ḃéiḋ seilḃ mo ṫiġe féin agam, no ḃéiḋ ḟios agam cad fáṫ.”

Ċuaiḋ sé ċum an sgiobóil, agus fuair sé barra mór iarainn agus níor ḃfada gur ḃris sé asteaċ an doras. Ḃí faitċios mór air an mnaoi agus air an ḃfear nuaḋ-ṗósta. Ṡaoileadar go raḃadar i n-am an eiseiriġe, agus go raiḃ deire an doṁain ag teaċt.

“Cad ċuige ar ṡaoil tu go raiḃ mise marḃ?” ar Liam.

[ 102 ]“Naċ ḃfuil ḟios ag uile ḋuine ann san ḃparáiste go ḃfuil tu marḃ,” ar san ḃean.

“Do ċorp ó’n diaḃal,” ar Liam, “tá tu ag magaḋ fada go leór liom. Fáġ ḋam niḋ le n-iṫe.”

Ḃí eagla ṁór air an mnaoi ḃoiċt agus ġleus sí biaḋ ḋó, agus nuair ċonnairc sí é ag iṫe agus ag ól duḃairt sí, “tá míorḃúil ann.”

Ann sin d’innis Liam a sgeul dí, o ḃonn go bárr, agus nuair d’innis sé gaċ niḋ, duḃairt sé, “raċfad ċum na n-uaiġe amáraċ go ḃfeicfead an biṫeaṁnaċ do ċuir siḃ-se i m’áit-sé.”

Lá air na ṁáraċ ṫug Liam dream daoine leis, agus ċuaiḋ sé ċum na roilige, agus d’ḟosgail siad an uaiġ, agus ḃíodar dul an ċóṁra d’ḟosgailt, agus nuair a ḃí siad ’gá tógḃáil suas léim madaḋ mór duḃ amaċ, agus as go ḃráṫ leis, agus Liam agus na fir eile ’nna ḋiaiġ. Ḃíodar ’gá leanaṁaint go ḃfacadar é ag dul asteaċ ann san teaċ a raiḃ Liam ’nna ċodlaḋ ann. Ann sin d’ḟosgail an talaṁ agus ċuaiḋ an teaċ síos, agus ní ḟacaiḋ aon duine é ó ṡoin, aċt tá an poll mór le feicsint go dtí an lá so.

Nuair d’imṫiġ Liam agus na fir óga aḃaile d’innis síad gaċ niḋ do ṡagart na paráiste, agus sgaoil sé an pósaḋ a ḃí eidir bean Liaim agus an buaċaill-aimsire.

Do ṁair Liam bliaḋanta ’nna ḋiaiġ seó, agus d’ḟág sé saiḋḃreas mór ’nna ḋiaiġ, agus tá cuiṁne air i g-Clár-Gailliṁ fós, agus ḃéiḋ go deó, má ṫéiḋeann an sgeul so ó na sean-daoiniḃ ċum na ndaoine óg.