Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/158

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
96
Uilliam O Ruanaiġ.

air. Ḃí an ḃean agus an buaċaill-aimsire ag dul ċum a leabuiḋ, agus d’ḟiafruiġ siad, “cia tá ann sin?”

“Mise,” ar Liam, “fosgail an doras dam.”

Nuair ċualadar an guṫ ḃí ḟios aca gur ’bé Liam do ḃí ann, agus duḃairt a ḃean, “ní ṫig liom do leigean asteaċ, agus is mór an náire ḋuit ḃeiṫ teaċt air ais an-ḋiaiġ ṫu ḃeiṫ seaċt lá san uaiġ.”

“An air mire atá tu?” ar Liam.

“Ní’lim air mire,” ar san ḃean, “’tá ḟios ag an uile ḋuine ’sa’ bparáiste go ḃfuair tu bás agus gur ċuir mé go geanaṁail ṫu. Téiḋ air ais go d’uaiġ, agus béiḋ aifrionn léiġte agam air son d’anma ḃoiċt amáraċ.”

“Fan go dtagaiḋ solas an laé,” ar Liam, “agus béarfaiḋ mé luaċ do ṁagaiḋ ḋuit.”

Ann sin ċuaiḋ sé ’san stábla, ’n áit a raiḃ a ċapall agus a ṁuc, ṡín sé ann san tuiġe, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, duḃairt an sagart le buaċaill beag a ḃí aige, “téiḋ go teaċ Liaim Ui Ruanaiġ agus ḃéarfaiḋ an ḃean a ṗós mé andé muc duit le taḃairt a ḃaile leat.”

Ṫáinig an buaċaill go doras an tíġe agus ṫosuiġ ’gá ḃualaḋ le maide a ḃí aige. Ḃí faitċios air an mnaoi an doras ḟosgailt, aċt d’ḟiafruiġ sí, “cia tá ann sin?”

“Mise,” ar san buaċaill, “ċuir an sagart mé le muc d’ḟáġáil uait.”

“Tá sí amuiġ ’san stábla,” ar san ḃean.

Ċuaiḋ an buaċaill asteaċ ’san stábla agus ṫosuiġ ag tiomáint na muiċe amaċ, nuair d’éiriġ Liam agus duḃairt, “cá ḃfuil tu ag dul le mo ṁuic?”

Nuair ċonnairc an buaċaill Liam, as go bráṫ leis, agus níor stop go ndeacaiḋ sé ċum an tsagairt agus a ċroiḋe ag teaċt amaċ air a ḃeul le faitċios.

“Cad tá ort?” ar san sagart.