Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/140

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
78
Páidín O’Ceallaiġ agus an easóg.

ċeud bliaḋain air an tsaoġal so tá sé i n-am duit imṫeaċt ċum suaiṁnis.”

“Rinne mé coir ṁór i m’óige, agus táim le ḃeiṫ sgaoilte óm’ ḟulaing má ṫig leat fiċe púnta íoc air son ceud agus trí fiċid aifrionn dam.”

“Cá ḃfuil an t-airgiod?” ar Páidín.

“Éiriġ agus róṁar faoi sgeiċ atá os cionn tobair ḃig i g-coirneul na páirce sin amuiġ, agus geoḃaiḋ tu pota líonta d’ór. Íoc an fiċe púnta air son na n-aifrionn agus ḃéiḋ an ċuid eile agad féin. Nuair a ḃainfeas tu an leac de’n ṗota feicfiḋ tu madaḋ mór duḃ ag teaċt amaċ, aċt ná bíoḋ aon ḟaitċios ort; is mac daṁsa é. Nuair a ġeoḃas tu an t-ór, ceannuiġ an teaċ ann a ḃfacaiḋ tu mise i dtosaċ, geoḃaiḋ tu saor é, mar tá sé faoi ċáil go ḃfuil taiḋḃse ann. Béiḋ mo ṁac-sa ṡíos ann san tsoiléar,” ní ḋéanfaiḋ sé aon doċar duit, aċt béiḋ sé ’nna ċaraid maiṫ ḋuit. Béiḋ mise marḃ mí ó’n lá so, agus nuair ġeoḃas tu marḃ mé cuir splanc faoi an mboṫán agus dóiġ é. Ná h-innis d’aon neaċ beó aon níḋ air biṫ de m’ṫaoiḃ-se, agus béiḋ an t-áḋ ort.”

“Cad é an t-ainm atá ort?” ar Páidín.

“Máire ni Ciarḃáin,” ar san ċailleaċ.

Ċuaiḋ Páidín a ḃaile agus nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ṫug sé láiḋe leis agus ċuaiḋ sé ċum na sgeiċe a ḃí i g-coirneul na páirce agus ṫosuiġ sé ag róṁar. Níor ḃfada go ḃfuair sé an pota agus nuair ḃain sé an leac dé léim an madaḋ mór duḃ amaċ, agus as go bráṫ leis, agus madaḋ Ṗáidin ’nn a ḋiaiġ.

Ṫug Páidín an t-ór a ḃaile agus ċuir sé i ḃfolaċ i dteaċ na mbó é. Timċioll mí ’nna ḋiaiġ sin, ċuaiḋ sé go h-aonaċ i nGailliṁ agus ċeannuiġ sé péire bó, capall