Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
72
Páidín O’Ceallaiġ agus an easóg.

Ṫáinig siad a ḃaile go sáḃálta, agus d’éiriġ sé slán arís agus raṁar. Bhí sé ċoṁ buiḋeaċ de’n deirceaċ boċt gur ċongḃuiġ sé ann a ṫeaċ féin go dtí a ḃás é. Agus ċoṁ fad a’s ḃí sé féin beó níor luiḋ sé síos air an ḃfeur glas arís. Agus, rud eile; dá mbeiḋeaḋ tinneas no easláinte air, ní h-iad na doċtúiriḋ a ġlaoḋaḋ sé asteaċ.

Búḋ ḃeag an t-iongnaḋ sin!



PÁIDÍN O’CEALLAIĠ AGUS AN EASÓG.


A ḃfad ó ṡoin ḃí fear d’ar’ ḃ’ainm Páidín O’Ceallaiġ ’nna ċóṁnuiḋe i ngar do Ṫuaim i gcondaé na Gailliṁe. Aon ṁaidin aṁáin d’éiriġ sé go moċ agus ní raiḃ ḟios aige cia an t-am a ḃi sé, mar ḃí solas breáġ ó’n ngealaiġ. Ḃí dúil aige le dul go h-aonaċ Ċáṫair-na-mart le storc asail do ḋíol.

Ní raiḃ sé níos mó ’na trí ṁíle air an mbóṫar go dtáinig dorċadas mór air, agus ṫosuiġ ciṫ trom ag tuitim. Ċonnairc sé teaċ mór ameasg crann timċioll cúig ċeud slat ó’n mbóṫar agus duḃairt sé leis féin, “raċfaiḋ mé ċum an tíġe sin, go dtéiḋ an ciṫ ṫart.” Nuair ċuaiḋ sé ċum an tíġe, ḃí an doras fosgailte, agus asteaċ leis. Ċonnairc sé seomra mór air ṫaoiḃ a láiṁe ċlé, agus teine ḃreáġ ’san ngráta. Ṡuiḋ sé síos air stol le cois an ḃalla, agus níor ḃfada gur ṫosuiġ sé ag tuitim ’nna ċodlaḋ, nuair ċonnairc sé easóg ṁór ag teaċt ċum na teineaḋ agus leag si giniḋ air leic an teaġlaiġ agus d’imṫiġ. Níor ḃfada go dtáinig sí air ais le giniḋ eile agus leag air leic an teaġlaiġ é, agus d’imṫiġ. Ḃí sí ag imṫeaċt agus ag teaċt go raiḃ cárnán mór giniḋ air