Le hAis na Teineadh/Mac Rígh Éireann

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Le hAis na Teineadh by Dubhghlas de hÍde
Mac Rígh Éireann
[ 18 ]

MAC RIĠ ÉIREANN.

Ḃí mac ríġ i n-Éirinn, fad ó ṡoin, agus ċuaiḋ sé amaċ agus ṫug sé a ġunna ’s a ṁadaḋ leis. Ḃí sneaċta amuiġ. Ṁarḃ sé fiaċ duḃ. Ṫuit an fiaċ duḃ air an tsneaċta. Ní ḟacaiḋ sé aon rud buḋ ġile ’ná an sneaċta, [ 20 ]ná buḋ ḋuiḃe ’ná cloigionn an ḟiaiċ ḋuiḃ, ná buḋ ḋeirge ’ná a ċuid fola ḃí ’gá dórtaḋ amaċ.

Ċuir sé faoi geasaiḃ agus deimúġ] (sic) na bliaḋna naċ n-íosaḋ sé ḋá ḃiaḋ i n-aon ḃord, ná ḋá oiḋċe do ċoḋlaḋ ann aon teaċ, go ḃfáġaḋ sé bean a raiḃ a cloigionn ċoṁ duḃ leis an ḃfiaċ duḃ, agus a croicionn ċoṁ geal leis an tsneaċta, agus a ḋá ġruaiḋ ċoṁ dearg le fuil.

Ni raiḃ aon ḃean ann san doṁan mar sin, aċt aon ḃean aṁáin a ḃí ann san doṁan ṡoir.

Lá air na ṁáraċ ġaḃ sé amaċ, agus ní raiḃ airgiod fairsing, aċt ṫug sé leis fiċe púnta. Ní fada ċuaiḋ sé gur casaḋ socraoid dó, agus duḃairt sé go raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó trí ċoiscéim ḋul leis an g-corpán. Ní raiḃ na trí ċoiscéim siúḃalta aige go dtáinig fear agus leag sé a reasta air an g-corp air ċúig ṗúnta. Ḃí dlíġeaḋ i n-Eirinn an t-am sin, duinea ir biṫ a raiḃ fiaċa aige air ḟear eile, naċ dtiucfaḋ le muinntir an ḟir sin a ċur, dá mbeiḋeaḋ sé marḃ, gan na fiaċa d’íoc, no gan cead ó’n duine a raiḃ na fiaċa sin aige air an ḃfear marḃ. Nuair ċonnairc Mac Ríġ Éireann mic agus inġeana an duine ṁairḃ ag caoineaḋ, agus iad gan an t-airgiod aca le taḃairt do ’n ḟear, duḃairt sé leis fein, “is mór an ṫruaġ é naċ ḃfuil an t-airgiod ag na daoiniḃ boċta.” agus ċuir sé a láṁ ann a ṗóca agus d’íoc sé féin na cúig ṗúnta, air son an ċuirp. Duḃairt sé go raċfaḋ sé ċum an teampoill ann sin, go ḃfeicfeaḋ sé curṫa é. Ṫáinig fear eile ann sin, agus leag sé a reasta air an g-corp air son cúig ṗúnta eile. “Mar ṫug mé na ceud ċúig ṗúnta,” ar Mac Ríġ Éireann leis féin, “tá sé ċoṁ maiṫ ḋam cúig ṗúnta eile ṫaḃairt anois, agus an fear boċt do leigean dul ’san uaiġ.” D’íoc sé na cúig ṗúnta eile. Ní raiḃ aige ann sin aċt deiċ bpúnta.

[ 22 ]Níor ḃfada ċuaiḋ sé gur casaḋ fear gearr glas dó agus d’ḟiafruiġ sé ḋé cá raiḃ sé dul. Duḃairt sé go raiḃ sé dul ag iarraiḋ mná ’san doṁan ṡoir. D’ḟiafruiġ an fear gearr glas dé, an raiḃ buaċaill teastál uaiḋ, agus duḃairt sé go raiḃ, agus cad é an ṗáiḋe ḃeiḋeaḋ sé ag iarraiḋ. Duḃairt seisean “an ċeud ṗóg air a ṁnaoi, dá ḃfáġaḋ sé í.” Duḃairt Mac Ríġ Éireann go g-caiṫfeaḋ sé sin ḟáġail.

Níor ḃfada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a ġunna ann a láiṁ, agus é ag “leiḃléaraċt” air an londuḃ a ḃí ṫall ’san doṁan ṡoir, go mbeiḋeaḋ sé aige le n-aġaiḋ a ḋinéir. Duḃairt an fear gearr glas le Mac Ríġ Éireann gó raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó an fear sin ġlacaḋ air aimsir, da raċfaḋ sé air aimsir leis. D’ḟiafruiġ Mac Ríġ Eireann an dtiucfaḋ sé air aimsir leis.

“Raċfad,” ar san fear, “má ḃfáġ’ mé mo ṫuarastal.”

“Agus cad é an tuarastal ḃéiḋeas tu ’g iarraiḋ?”

“Áit tíġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim, má éiriġeann mo ṫuras liom.”

D’imṫiġ Mac Ríġ Eireann leis an ḃfear glas agus leis an ngunnaire, agus ní fada ċuaiḋ síad gur casaḋ fear dóiḃ, agus a ċluas leagṫa air an talaṁ, agus é ag éisteaċt leis an ḃfeur ag fás.

“Tá sé ċoṁ maiṫ ḋuit an fear sin ġlacaḋ air aimsir,” ar san fear gearr glas.

D’ḟiafruiġ Mac Riġ Eireann de ’n ḟear an dtiucfaḋ sé leis air aimsir.

“Tiucfad má ḃfáġ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann liom.” [ 24 ]Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, agus an cluasaire, agus ní fada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a leaṫ-ċos air a ġualainn, agus é ag congḃáil páirce geirrḟiaḋ gan aon ġeirrḟiaḋ leigean asteaċ ná amaċ. Ḃí iongantas air Ṁac Ríġ Eireann agus d’ḟiafruiġ sé cad é an ċiall a raiḃ a leaṫ-ċos air a ġualainn mar sin.

“O,” ar seisean, “dá mbeiḋeaḋ mo ḋá ċois agam air an talam ḃeiḋinn ċoṁ luaṫ sin go raċfainn as aṁarc.”

“An dtiucfaiḋ tu air aimsir liom,” ar san Mac Riġ.

“Tiucfad, má ḃfáġ’ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim,” ar Mac Ríġ Éireann, “má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann, liom.”

Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, agus an coisire air aġaiḋ, agus níor ḃfada go dtáncadar go fear agus é ag cur muilinn gaoiṫe ṫart le na leaṫṗolláire, agus a ṁeur leagṫa aige air a ṡrón ag druidim na polláire eile.

“Cad ċuige ḃfuil do ṁeur agad air do ṡrón?” ar Mac Ríġ Eireann leis.

“O,” ar seisean, “dá séidfinn as mo ḋá ṗolláire do sguabfainn an muileann amaċ as sin suas ’san aer.”

“An dtiucfaiḋ tu air aimsir?”

“Tiucfad, má ḃfáġ’ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin, má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann liom.”

Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, agus an séidire go dtáncadar go fear a ḃí ’nna ṡuiḋe air ṫaoiḃ an ḃoṫair, agus é ag briseaḋ cloċ le na leaṫ-ṫóin agus ní raiḃ casúr ná dadaṁ aige. D’ḟiafruiġ an Mac Ríġ ḋé, cad ċuige a raiḃ sé ag briseaḋ na g-cloċ le na leaṫ-ṫóin.

[ 26 ]“O,” ar seisean, “dá mbualfainn leis an tóin ḋúbalta iad ḋeunfainn púġdar díoḃ.”

“An dtiucfaiḋ tu air aimsir liom?”

“Tuicfad, má ḃfaġ’ mé áit tíġe agus garḋa.”

D’imṫiġ siad uile ann sin, Mac Ríġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna agus ḃeurfaḋ siad air an ngaoiṫ Ṁárta a ḃí rompa agus an ġaoṫ Ṁárta a ḃí ’nna n-diaiġ ní ḃéurfaḋ sí orra-san go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé.

Ḋearc Mac Ríġ Éireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon teaċ a mbeiḋeaḋ sé ann an oiḋċe sin. Ḋearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé teaċ naċ raiḃ bonn cleite amaċ air, ná bárr cleite asteaċ air, aċt aon ċleite aṁáin a ḃí ag congḃáil dídinn agus fasgaiḋ air. Duḃairt mac ríġ Éireann naċ raiḃ ḟios aige cá ċaiṫfeaḋ siad an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dṫeaċ an ḟaṫaiġ ṫall an oiḋċe sin.

Ṫáinig siad ċum an tiġe, agus ṫarraing an fear gearr glas an cuaille cóṁraic agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi searraċ i g-capall, pigín i muic, ná broc i ngleann nár iompuiġ sé ṫart trí uaire iad le méad an torain do ḃain sé as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé “moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.” Ḃí an fear gearr glas ag meuduġaḋ, agus ag meuduġaḋ go raiḃ sé faoi ḋeireaḋ ċoṁ mór leis an g-caisleán. Ḃí faitċios air an ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “Ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat féin?”

[ 28 ]“Tá,” ar san fear gearr glas, “agus níos mó.”

“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ.

Ċuir sé an faṫaċ faoi ġlas, ann sin, agus ċuaiḋ sé ċum a ṁáiġistir.

Ṫáinig mac ríġ Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, asteaċ ’san g-caisleán, agus ċaiṫ siad an oiḋċe sin, trian dí le fiannaiġeaċt agus trian le sgeuluiġeaċt, agus trian le soirm (sic.) sáiṁ suain agus fíor-ċodalta.

Nuair d’ éiriġ an lá air na ṁáraċ ṫug sé leis a ṁáiġistir agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus d’ḟág sé amuiġ ag ceann an ḃóṫair iad, agus ṫáinig sé féin air ais agus ḃain sé an glas de ’n ḟaṫaċ. Duḃairt sé leis an ḃfaṫaċ gur ċuir a ṁáiġistir air ais é i g-coinne an ḃirréid ḋuiḃ a ḃí faoi ċolḃa a leabuiḋ. Duḃairt an faṫaċ go dtiuḃraḋ sé hata ḋó nár ċaiṫ sé féin ariaṁ, aċt go raiḃ náire air, an sean-ḃirreud do ṫaḃairt dó. Duḃairt an fear gearr glas muna dtiuḃraḋ sé an birreud dó go dtiucfaḋ a ṁáiġistir air ais, agus go mbainfeaḋ sé an ceann dé.

“Is fearr dam a ṫaḃairt duit,” ar san faṫaċ, “agus uair air biṫ a ċuirfeas tu air do ċeann é, feicfiḋ tu uile ḋuine agus ni ḟeicfiḋ duine air biṫ ṫu.” Ṫug sé ḋó an birreud ann sin, agus ċuaiḋ an fear gearr glas agus ṫug sé do ṁaċ ríġ Éireann é.

Ḃí siad ag imṫeaċt ann sin. Do ḃéarfaḋ siad air an ngaoiṫ Ṁárta do ḃí rómpa, agus an ġaoṫ Ṁárta do ḃí ’nna ndiaiġ ní ḃéarfaḋ sí orra-san, ag dul [ 30 ]do’n doṁan ṡoir. Nuair ṫáinig traṫnóna agus deireaḋ an lae ḋearc mac ríġ Eireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon áit a mbeiḋeaḋ sé ann an oiḋċe sin. Ḋearc an fear gearr glas uaiḋ, agus ċonnairc sé caisleán, agus duḃairt sé, “an faṫaċ atá ann san g-caisleán sin, is dearḃráṫair do’n ḟaṫaċ a raḃamar aréir aige, agus béiḋmíd ann san g-caisleán sin anoċt.” Ṫáinig siad, agus d’ḟág sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ag ceann an ḃóṫair agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic, agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi ná searraċ i g-capall ná pigín i muic ná broc i ngleann, i ḃfoigse seaċt míle ḋó, nár ḃain sé trí iompóḋ asta leis an méad torain a ṫug sé as an g-cuaille cóṁraic.

Ṫáinig an faṫaċ amaċ, agus duḃairt sé, “Moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Eireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.”

“Is mór líom ḋe ġreim ṫu, agus is beag liom de ḋá ġreim ṫu,” ar san faṫaċ.

“Ní ḃfuiġfiḋ tu mé de ġreim air biṫ,” ar san fear gearr glas, agus ṫoisiġ sé ag meuduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán.

Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat-sa?”

“Tá agus níos mó,” ar san fear beag glas.

“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ, “agus rud air biṫ atá tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”

Ṫug sé an faṫaċ leis, agus ċaiṫ sé faoi ḃeul daḃaiċ é. Ċuaiḋ se amaċ agus ṫug sé asteaċ mac ríġ Eireann, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus ċaiṫ siad an oiḋċe ann sin, trian le fiannuiġeaċt trian le [ 32 ]sgeulaiġeaċt, agus trian le soirm sáiṁ suain agus fíor-ċodalta, go dti an ṁaidin.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug an fear gearr glas mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir amaċ as an g-caisleán agus d’ḟág sé ag ceann an ḃóṫair iad, agus ṫáinig sé féin air ais agus d’iarr sé na sean-slipéaraiḋ a ḃi faoi ċolḃa an leabuiḋ, air an ḃfaṫaċ. Duḃairt an faṫaċ go dtiúḃraḋ sé péire ḃútais ċoṁ maiṫ agus ċaiṫ sé ariaṁ d’a ṁáiġistir, agus cad é an maiṫ a ḃí ann sna sean-slipéaraiḃ! Duḃairt an fear gearr glas muna ḃfáġaḋ sé na slipeuraiḋ go raċfaḋ sé i g-coinne a ṁáiġistir, leis an ceann do ḃaint dé. Duḃairt an faṫaċ ann sin go dtiúḃraḋ sé ḋó iad, agus ṫug. “Am air biṫ,” ar seisean, “a ċuirfeas tu na slipeuraiḋ sin ort, agus “haiġ óiḃir” do ráḋ, áit air biṫ a ḃfuil súil agad do ḋul ann, béiḋ tu innti.”

D’imṫiġ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé; agus go raiḃ an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní fanfaḋ an ċopóg leis. D’ḟiafruiġ mac ríġ Eireann de’n ḟear gearr glas ann sin, cá ḃeiḋeaḋ siad an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dteaċ dearḃráṫar an ḟaṫaiġ ag a raiḃ siad areir. Ḋearc mac ríġ Eireann uaiḋ agus ni ḟacaiḋ sé dadaṁ. Ḋearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé caisleán mór. D’ḟágḃaiġ sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ann sin agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin leis féin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic, agus níor ḟágḃaiġ sé leanḃ i mnaoi, searraċ i láir, pigín i muic, na broc i ngleann, nár ṫionntuiġ sé ṫart trí uaire leis an méad torain a ḃain sé as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé, “moṫuiġim [ 34 ]bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir ’nna ṡeasaṁ ann sin, ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.”

Agus leis sin ṫosuiġ an fear gearr glas ag méaduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán faoi ḋeireaḋ.

Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ, agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat féin?”

“Tá,” ar san fear gearr glas, “agus níos mó.”

“O cuir mé a ḃfolaċ, cuir me i ḃfolaċ,” ar san faṫaċ, “go n-ímṫiġeann do ṁáiġistir, agus rud air biṫ a ḃéiḋeas tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”

Ṫug sé an faṫaċ leis agus ċuir sé faoi ḃeul daḃaiċ é, agus glas air.

Ṫáinig sé air ais agus ṫug sé mac ríġ Éireann, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna asteaċ leis, agus ċaiṫ siad an oiḋċe sin go rúgaċ, trian dí le fiannuiġeaċt, agus trian dí le sgeuluiġeaċt, agus trian dí le soirm sáiṁ suain agus fíor ċodalta.


Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir amaċ agus d’ḟágḃuiġ sé ag ceann an ḃóṫair iad agus ṫáinig sé féin air ais, agus leig sé amaċ an faṫaċ, agus duḃairt se leis an ḃfaṫaċ an cloiḋeaṁ meirgeaċ a ḃí faoi ċolḃa a leabuiḋ do ṫaḃairt dó. [ 36 ]Duḃairt an faṫaċ naċ dtiúḃraḋ sé an sean-ċloiḋeaṁ sin d’ aon duine, aċt go dtiúḃraḋ sé ḋó cloiḋeaṁ na trí faoḃar, nár ḟág fuiġeal buille ’nna ḋiaiġ, agus dá ḃfágfaḋ sé go dtiuḃraḋ sé leis an dara ḃuille é.

“Ní ġlacfaiḋ mé sin,” ar san fear gearr glas, “caiṫfiḋ mé an cloiḋeaṁ meirgeaċ ḟáġail, agus muna ḃfáġ’ mé é raċfaiḋ me i g-coinne mo ṁáiġistir agus bainfiḋ sé an ceann díot.”

“Is fearr dam a ṫaḃairt duit,” ar san faṫaċ, “agus cia bé áit a ḃualfeas tu buille leis an g-cloiḋeaṁ sin raċfaiḋ sé go dtí an gaineaṁ dá mbuḋ iarann a ḃí roiṁe.” Ṫug sé an cloiḋeaṁ meirgeaċ dó ann sin.

Cuaiḋ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna ann sin, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé, go raiḃ an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní ḟanfaḋ an ċopóg leis. Ní ḃéarfaḋ an ġaoṫ Ṁárta a ḃí rompa orra agus an ġaoṫ Ṁárta a ḃí ’nna ndiaiġ ní rug sí orra-san, agus ḃí siad an oiḋċe sin ann san doṁan ṡoir, an áit a raiḃ an ḃean-uasal.

D’ ḟiafruiġ an ḃean de ṁac ríġ Eireann creud do ḃí sé ag iarraiḋ agus duḃairt seisean go raiḃ sé ag iarraiḋ íféin mar ṁnaoi. “Caiṫfiḋ tu m’ḟáġail,” ar sise, “má ḟuasglann tu mo ġeasa ḋíom.”

Fuair sé a lóistín le na ċuid buaċaill ann san g-caisleán an oiḋċe sin, agus ann san oiḋċe táinig sise agus duḃairt leis, “seó siosúr agad, agus muna ḃfuil an siosúr sin agad air maidin amáraċ bainfiġear an ceann díot.”

[ 38 ]Ċuir sí biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ, agus ċoṁ luaṫ a’s ṫuit sé ’nna ċodlaḋ rug sí an siosúr uaiḋ agus d’ḟágḃuiġ sí é. Ṫug sí an siosúr do’n ríġ niṁe, agus duḃairt sí leis an ríġ, an siosúr do ḃeiṫ aige air maidin dí. D’imṫiġ sí ann sin. Nuair ḃí sí imṫiġṫe ṫuit an ríġ niṁe ’nna ċodlaḋ agus nuair a ḃí sé ’nna ċodlaḋ ṫáinig an fear gearr glas agus na sean-slipéaraiḋ air, agus an birreud air a ċeann, agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus cia bé áit a d’ḟágḃuiġ an ríġ an siosúr fuair seisean é. Ṫug sé do ṁac ríġ Eireann é, agus nuair ṫáinig sise air maidin d’ḟiafruiġ sí, “a ṁic ríġ Eireann ḃfuil an siosúr agad?”

“Tá,” ar seisean.

Ḃí tri fíċe cloigionn na ndaoine a ṫáinig ’gá h-íarraiḋ air spíciḃ ṫimċioll an ċaisleáin agus ṡaoil sí go mbeiḋeaḋ a ċloigionn air spíce aici i g-cuideaċt leó.

An oiḋċe, an lá air na ṁáraċ, ṫáinig sí agus ṫug sí cíar dó, agus duḃairt sí leis muna mbeiḋeaḋ an ċíar aige air maidin nuair a ṫiucfaḋ sí go mbeiḋeaḋ an ceann bainte ḋé. Ċuir sí biorán-suain faoi na ċeann agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ mar ṫuit sé an oiḋċe roiṁe, agus ġoid sise an ċíar léiṫe. Ṫug sí an ċíar do’n ríġ niṁe agus duḃairt sí leis gan an ċiar do ċailleaḋ mar ċaill sé an siosúr. Ṫáinig an fear gearr glas agus na sean-sléipa-*raiḋ air a ċosaiḃ, an sean-ḃirreud air a ċeann agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus ní ḟacaiḋ an ríġ é go dtáinig se taoḃ ṡiar dé agus ṫug sé an ċíar leis uaiḋ.

Nuair ṫáiniġ an ṁaidin, ḋúisiġ mac ríġ Eireann agus ṫosuiġ sé ag caoineaḋ na ciaire a ḃí imṫiġṫe uaiḋ. “Ná [ 40 ]bac leis sin,” ar san fear gearr glas, “tá sé agam-sa.” Nuair ṫáinig sise ṫug sé an ċíar dí, agus ḃí iongantas uirri.

Táinig sí an tríoṁaḋ oiḋċe, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann an ceann do cíaraḋ leis an g-cíair sin do ḃeiṫ aige ḋí, air maidin amáraċ. Nois,” ar sise, “ní raiḃ baoġal ort go dtí anoċt, agus má ċailleann tu an t-am so i, tá do ċloigionn imṫiġṫe.”

Ḃí an biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ. Ṫáinig sise agus ġoid sí an ċíar uaiḋ. Ṫug sí do’n ríġ niṁe í, agus duḃairt sí leis nár ḟeud an ċíar imṫeaċt uaiḋ no go mbainfiḋe an ceann dé.” Ṫug an riġ niṁe an ċiar leis, agus ċuir sé asteaċ í i g-carraig cloiċe, agus trí fiċe glas uirri, agus ṡuiḋ an ríġ taoiḃ amuiġ de na glasaiḃ uile ag doras na carraige, ’gá faire. Ṫáinig an fear gearr glas, agus na slipeuraiḋ agus an birreud air, agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus ḃuail sé buille air an g-carraig cloiċe agus d’ḟosgail suas í, agus ḃuail sé an dara ḃuille air an ríġ niṁe, agus ḃain sé an ceann dé. Ṫug sé leis an ċiar ċuig (do) mac ríġ Eireann ann sin, agus fuair sé é ann a ḋúiseaċt, agus é ag caoineaḋ na ciaire. “Súd í do ċíar duit,” ar seisean, “tiucfaiḋ sise air ball, agus fiafróċaiḋ sí ḋíot an ḃfuil an ċíar agad, agus abair léiṫe go ḃfuil, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus caiṫ ċuici an cloigionn.”

Nuair ṫáinig sise ag fiafruiġ an raiḃ an ċiar aige, duḃairt sé go raiḃ, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus ċaiṫ sé ceann an ríġ niṁe ċuici.

Nuair ċonnairc sí an cloigionn ḃí fearg ṁór uirri, agus duḃairt sí leis naċ ḃfuiġfeaḋ sé í le pósaḋ go ḃfáġaḋ sé coisire a ṡiúḃalfaḋ le na coisire féin i g-coinne trí ḃuideul na h-íoċṡláinte as tobar an doṁain ṡoir, agus [ 42 ]dá mbuḋ luaiṫe a ṫáinig a coisire féin ’ná an coisire aige-sean, go raiḃ a ċeann imṫiġṫe.

Fuair sí sean-ċailleaċ (ḃuitse éigin) agus ṫug sí trí buideula ḋí. Duḃairt an fear gearr glas trí ḃuideula do ṫaḃairt do’n ḟear a ḃí ag congḃáil páirce na ngeirrḟiaḋ, agus tugaḋ ḋó iad. D’imṫiġ an ċailleaċ agus an fear, agus trí buidéala ag gaċ aon aca, agus ḃí coisire mic ríġ Éireann ag tíġeaċt leaṫ-ḃealaiġ air ais, sul a ḃí an ċailleaċ imṫiġṫe leaṫ-ḃealaiġ ag dul ann. “Suiḋ síos,” ar san ċailleaċ leis an g-coisire, “agus leig do sgíṫ, tá an ḃeirt aca pósta anois, agus ná bí briseaḋ do ċroiḋe ag riṫ.” Ṫug sí léiṫe cloigionn capaill agus ċuir sí faoi na ċeann é, agus biorán-suain ann, agus nuair leag sé a ċeann air, ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Ḋóirt sise an t-uisge a ḃí aige amaċ, agus d’imṫiġ sí.

B’ḟada leis an ḃfear gearr glas go raiḃ siad ag tíġeaċt, agus duḃairt sé leis an g-cluasaire, “leag do ċluas air an talaṁ, agus feuċ an ḃfuil siad ag teaċt.” “Cluinim,” ar seiseann, “an ċailleaċ ag teaċt, agus tá an coisire ’nna ċodlaḋ, agus é ag srannfartuiġ.”

“Dearc uait,” ar san fear gearr glas leis an ngunnaire “go ḃfeicfiḋ tu ca ḃfuil an coisire.”

Duḃairt an gunnaire go raiḃ sé ann a leiṫid sin d’áit, agus cloigionn capaill faoi na ċeann, agus é ’nna ċodlaḋ.

“Cuir do ġunna le do ṡúil,” ar san fear garr glas, “agus cuir an cloigionn ó na ċeann.”

Ċuir sé an gunna le na ṡúil agus sguaib sé an ċloigionn ó na ċeann. Ḋúisiġ an coisire, agus fuair sé na buideula a ḃí aige folaṁ, agus ḃ’éigin dó filleaḋ ċum an tobair arís.

Ḃí an ċailleaċ ag teaċt ann sin agus ní raiḃ an coisire le feiceál (feicsint). Ar san fear gearr glas ann [ 44 ]sin, leis an ḃfear a ḃí ag cur an ṁuilinn-gaoiṫe ṫart le na ṗolláire, “éiriġ suas agus feuċ an g-cuirfeá an ċailleaċ air a h-ais.” Ċuir sé a ṁeur air a ṡrón agus nuair ḃí an ċailleaċ ag teaċt ċuir sé séideóg gaoiṫe fúiṫi a sguaib air a h-ais í. Ḃí sí teaċt arís agus rinne sé an rud ceudna léiṫe. Gaċ am a ḃíḋeaḋ sise ag teaċt a ḃfogas dóiḃ do ḃíḋeaḋ seisean dá cur air a h-ais arís leis an ngaoiṫ do ṡéideaḋ sé as a ṗolláire. Air deireaḋ ṡéid se leis an dá ṗolláire agus sguaib sé an ċailleaċ ċum an doṁain ṡoir arís. Ṫáinig coisire mic ríġ Eireann ann sin, agus ḃí an lá sin gnóṫuiġṫe.

Ḃí fearg ṁór air an mnaoi nuair ċonnairc sí naċ dtáinig a coisire féin air ais i dtosaċ, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann, “ní ḃfuiġfiḋ tu mise anois no go siùḃailfiḋ tu trí ṁíle gan ḃróig gan stoca, air ṡnáṫaidiḃ cruaiḋe.”

Ḃí bóṫar aici trí ṁíle air fad, agus snáṫaide geura cruaiḋe craiṫte air, ċoṁ tiuġ leis an ḃfeur. Ar san fear gearr glas le fear-briste na g-cloċ le na leaṫ-ṫóin, “téiḋ agus maol iad sin.” Ċuaiḋ an fear sin orra le na leaṫ-ṫóin agus rinne sé stumpaiḋ ḋíoḃ. Duḃairt an fear gearr glas leis dul orra le na ṫóin ḋúbalta. Ċuaiḋ sé orra ann sin le na ṫóin ḋúbalta, agus rinne sé púġdar agus praiseaċ díoḃ. Ṫáinig mac ríġ Éireann agus ṡiúḃail sé na trí ṁíle, agus ḃí a ḃean gnóṫuiġṫe aige.

Pósaḋ an ḃeirt ann sin, agus ḃí an ċéud ṗóg le fáġail ag an ḃfear gearr glas. Rug an fear gearr glas an ḃean leis féin asteaċ i seomra, agus ṫosuiġ sé uirri. Ḃí sí lán ḋe naiṫreaċaiḃ niṁe, agus ḃeiḋeaḋ mac ríġ Éireann marḃ aca, nuair a raċfaḋ sé ’nna ċodlaḋ, aċt gur ṗiuc an fear gearr glas aisti iad.

Ṫainig sé go mac ríġ Eireann ann sin, agus duḃairt sé leis, “Tig leat dul le do ṁnaoi anois. Is mise an fear [ 46 ]a ḃí ann san g-cóṁra an lá sin, a d’íoc tu na deiċ bpúnta air a ṡon, agus an ṁuinntir seó a ḃí leat is seirḃísíġe iad do ċuir Dia ċugad-sa.”

D’imṫiġ an fear gearr glas agus a ṁuinntir ann sin agus ní ḟacaiḋ mac ríġ Éireann arís é. Rug sé a ḃean aḃaile leis, agus ċaiṫ siad beaṫa ṡona le ċéile.