Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/108

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
46
An Alp-luachra.

a ḃí ann san g-cóṁra an lá sin, a d’íoc tu na deiċ bpúnta air a ṡon, agus an ṁuinntir seó a ḃí leat is seirḃísíġe iad do ċuir Dia ċugad-sa.”

D’imṫiġ an fear gearr glas agus a ṁuinntir ann sin agus ní ḟacaiḋ mac ríġ Éireann arís é. Rug sé a ḃean aḃaile leis, agus ċaiṫ siad beaṫa ṡona le ċéile.


AN ALP-LUACHRA.


Bhi scológ ṡaiḋḃir a g-Connaċtaiḃ aon uair aṁáin, agus ḃí maoin go leór aige, agus bean ṁaiṫ agus muiríġin ḃreáġ agus ní raiḃ dadaṁ ag cur buaiḋreaḋ ná trioblóide air, agus ḋeurfá féin go raiḃ sé ’nna ḟear compórtaṁail sásta, agus go raiḃ an t-áḋ air, ċoṁ maiṫ agus air ḋuine air biṫ a ḃí beó. Bhí sé mar sin gan ḃrón gan ḃuaiḋreaḋ air feaḋ móráin bliaḋain i sláinte ṁaiṫ agus gan tinneas ná aicíd air féin ná air a ċloinn, no go dtáinig lá breáġ annsan ḃfóġṁar, a raiḃ sé dearcaḋ air a ċuid daoine ag deunaṁ féir annsan moínḟeur a ḃí a n-aice le na ṫeaċ féin, agus mar ḃí an lá ro ṫeiṫ d’ól sé deoċ bláṫaiċe agus ṡín sé é féin siar air an ḃfeur úr bainte, agus mar ḃí sé sáruiġṫe le teas an laé agus leis an obair a ḃí sé ag deunaṁ, do ṫuit sé gan ṁoill ’nna ċodlaḋ, agus d’ḟan sé mar sin air feaḋ tri no ceiṫre uair no go raiḃ an feur uile crapṫa agus go raiḃ a ḋaoine oibre imṫiġṫe as an bpáirc.

Nuair ḋúisiġ sé ann sin, ṡuiḋ sé suas air a ṫóin, agus ní raiḃ ḟios aige cia an áit a raiḃ sé, no gur ċuiṁniġ se faoi ḋeire gur annsan ḃpáirc air ċúl a ṫíge féin do ḃí sé ’nna luiḋe. D’éiriġ sé ann sin agus ċuaiḋ sé air ais ċum a ṫiġe féin, agus air n-imṫeaċt dó, ṁoṫaiġ sé mar ṗian no