Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir ’nna ṡeasaṁ ann sin, ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.”

Agus leis sin ṫosuiġ an fear gearr glas ag méaduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán faoi ḋeireaḋ.

Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ, agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat féin?”

“Tá,” ar san fear gearr glas, “agus níos mó.”

“O cuir mé a ḃfolaċ, cuir me i ḃfolaċ,” ar san faṫaċ, “go n-ímṫiġeann do ṁáiġistir, agus rud air biṫ a ḃéiḋeas tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”

Ṫug sé an faṫaċ leis agus ċuir sé faoi ḃeul daḃaiċ é, agus glas air.

Ṫáinig sé air ais agus ṫug sé mac ríġ Éireann, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna asteaċ leis, agus ċaiṫ siad an oiḋċe sin go rúgaċ, trian dí le fiannuiġeaċt, agus trian dí le sgeuluiġeaċt, agus trian dí le soirm sáiṁ suain agus fíor ċodalta.


Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir amaċ agus d’ḟágḃuiġ sé ag ceann an ḃóṫair iad agus ṫáinig sé féin air ais, agus leig sé amaċ an faṫaċ, agus duḃairt se leis an ḃfaṫaċ an cloiḋeaṁ meirgeaċ a ḃí faoi ċolḃa a leabuiḋ do ṫaḃairt dó.