Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
22
Mac Riġ Eireann.

Níor ḃfada ċuaiḋ sé gur casaḋ fear gearr glas dó agus d’ḟiafruiġ sé ḋé cá raiḃ sé dul. Duḃairt sé go raiḃ sé dul ag iarraiḋ mná ’san doṁan ṡoir. D’ḟiafruiġ an fear gearr glas dé, an raiḃ buaċaill teastál uaiḋ, agus duḃairt sé go raiḃ, agus cad é an ṗáiḋe ḃeiḋeaḋ sé ag iarraiḋ. Duḃairt seisean “an ċeud ṗóg air a ṁnaoi, dá ḃfáġaḋ sé í.” Duḃairt Mac Ríġ Éireann go g-caiṫfeaḋ sé sin ḟáġail.

Níor ḃfada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a ġunna ann a láiṁ, agus é ag “leiḃléaraċt” air an londuḃ a ḃí ṫall ’san doṁan ṡoir, go mbeiḋeaḋ sé aige le n-aġaiḋ a ḋinéir. Duḃairt an fear gearr glas le Mac Ríġ Éireann gó raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó an fear sin ġlacaḋ air aimsir, da raċfaḋ sé air aimsir leis. D’ḟiafruiġ Mac Ríġ Eireann an dtiucfaḋ sé air aimsir leis.

“Raċfad,” ar san fear, “má ḃfáġ’ mé mo ṫuarastal.”

“Agus cad é an tuarastal ḃéiḋeas tu ’g iarraiḋ?”

“Áit tíġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim, má éiriġeann mo ṫuras liom.”

D’imṫiġ Mac Ríġ Eireann leis an ḃfear glas agus leis an ngunnaire, agus ní fada ċuaiḋ síad gur casaḋ fear dóiḃ, agus a ċluas leagṫa air an talaṁ, agus é ag éisteaċt leis an ḃfeur ag fás.

“Tá sé ċoṁ maiṫ ḋuit an fear sin ġlacaḋ air aimsir,” ar san fear gearr glas.

D’ḟiafruiġ Mac Riġ Eireann de ’n ḟear an dtiucfaḋ sé leis air aimsir.

“Tiucfad má ḃfáġ mé áit tiġe agus garḋa.”

“Geoḃaiḋ tu sin uaim má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann liom.”