Duḃairt an faṫaċ naċ dtiúḃraḋ sé an sean-ċloiḋeaṁ sin d’ aon duine, aċt go dtiúḃraḋ sé ḋó cloiḋeaṁ na trí faoḃar, nár ḟág fuiġeal buille ’nna ḋiaiġ, agus dá ḃfágfaḋ sé go dtiuḃraḋ sé leis an dara ḃuille é.
“Ní ġlacfaiḋ mé sin,” ar san fear gearr glas, “caiṫfiḋ mé an cloiḋeaṁ meirgeaċ ḟáġail, agus muna ḃfáġ’ mé é raċfaiḋ me i g-coinne mo ṁáiġistir agus bainfiḋ sé an ceann díot.”
“Is fearr dam a ṫaḃairt duit,” ar san faṫaċ, “agus cia bé áit a ḃualfeas tu buille leis an g-cloiḋeaṁ sin raċfaiḋ sé go dtí an gaineaṁ dá mbuḋ iarann a ḃí roiṁe.” Ṫug sé an cloiḋeaṁ meirgeaċ dó ann sin.
Cuaiḋ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna ann sin, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé, go raiḃ an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní ḟanfaḋ an ċopóg leis. Ní ḃéarfaḋ an ġaoṫ Ṁárta a ḃí rompa orra agus an ġaoṫ Ṁárta a ḃí ’nna ndiaiġ ní rug sí orra-san, agus ḃí siad an oiḋċe sin ann san doṁan ṡoir, an áit a raiḃ an ḃean-uasal.
D’ ḟiafruiġ an ḃean de ṁac ríġ Eireann creud do ḃí sé ag iarraiḋ agus duḃairt seisean go raiḃ sé ag iarraiḋ íféin mar ṁnaoi. “Caiṫfiḋ tu m’ḟáġail,” ar sise, “má ḟuasglann tu mo ġeasa ḋíom.”
Fuair sé a lóistín le na ċuid buaċaill ann san g-caisleán an oiḋċe sin, agus ann san oiḋċe táinig sise agus duḃairt leis, “seó siosúr agad, agus muna ḃfuil an siosúr sin agad air maidin amáraċ bainfiġear an ceann díot.”