Deoraidheacht/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal VII
[ 30 ]

VII.

Shroicheamar áit chomh­nuidhthe na mná móire ruaidhe. Seómra mór folamh i mbárr tighe a bhí aici. Cheapfá i dtosach go raibh sé folamh i ndáir­íribh, acht ní raibh. Bhí leabaidh ann, cineál leapthan; stól fada cois balla, acht maidir le bórd ná gréithre ná deis le biadh a ghléasadh, ní raibh a rian ann.

Anois agus arís, beireann sí ar mo láimh, agus tosuigh­eann sí ’ghá cuimilt go lághach carthann­ach mar chuim­leadh mo mháthair fad ó í, agus mé ’mo pháisde. An cuthach a bhí orm amuigh ar an tsráid, agus mé ag dul amudha ’san gceó, tá sé imthigh­the. Ní’l a rian orm anois. Táim chomh ciúin agus chomh lághach gean­amhail grádhmhar le [ 31 ]leanbh. Leagann an bhean mhór ruadh lámh ar mo leacainn—ar an leacainn úd a milleadh. Ní chuireann a gráinn­eacht aon ghráin uirri-se. Déarfá gur mó an cion atá aici orm mar gheall air, agus le solus na teineadh feicthear dhom go bhfuil truaigh—go bhfuil an-truaigh aici dom. Truaigh mar bhéadh ag mo mháthair dhom dá bhfeic­eadh sí anois mé. Leigim siar mo cheann ar a gualainn agus mo dhá shúil dúnta agam. Cheapas, ar feadh aon nóiméidín bhig amháin, gurab í mo mháthair a bhí agam ann, agus nach raibh ionnam-sa acht páisde….

Tá an teine ídighthe beagnach. Ní ar an stól atáim anois acht ’mo luighe ar an urlár agus sean-phluid ó leabaidh na mná móire ruaidhe, mo thim­cheall. Ise ’n‑a suidhe lem’ ais ar an urlár ag iarraidh an brón mór a bhí ag teacht orm an ath-uair a dhíbirt. Ní maith léithi mé fheiceál faoi bhrón. B’fhearr léithi an fhearg féin ná é sin. Tosuigh­eann sí ag crónán ós íseal:

“Seo mar a chuirinn mo leanbh ’a chodladh,
I gcliabhán óir ar urlár shocair,
nó….”

Ní thig léithi an chuid eile de’n rann a chríoch­nughadh, acht ní chuireann sin aon bhac uirri. Dubhairt sí cúpla focal nach raibh mórán céille ionnta, acht a d’fheil do’n rannaidh­eacht, agus chríoch­nuigh sí annsin é:

“…agus an ghaoth ’ghá bhogadh.”

Dubhairt sí an méid sin arís agus arís eile go rabhas beagnach ’mo chodladh. Cheap sise go rabhas ’mo chodladh i gceart, mar d’éirigh sí go héasgaidh, agus chaith sí í féin ar an leabaidh. Ní raibh uaithi acht codladh a chur orm féin leis an gcrónán.

Dhúisigheas. Bhí solus beag ag teacht ó’n teinidh fós. Bhí an ceó ag teacht isteach thríd an bhfuin­neóig, agus thríd an [ 32 ]doras, agus anuas thríd an simné. An chathair mhór ’n‑a tost, acht go gcloisfeá fuaim anois agus arís, agus nach mbéadh fhios agad cé as a dtáinic sé, acht go gceapfá go raibh an fhuaim sin ar-achar uait—go gceapfá go raibh sí na mílte míle uait, dá n‑abruígh­theá é.

Ní raibh an bhean mhór ruadh ’n‑a codladh. Bhí aghaidh tugtha aici ar an mballa, agus í ag gol go trom. Uaireanta, cheapainn nach ag gol a bhí sí ar chor ar bith, acht gur meadhchan mór a bhí ar a croidhe, agus gur ag iarraidh a chaith­eamh dhi a bhí sí. Bhíodh sí an-chiúin, ar feadh tuairim ’s dhá nóiméid, agus annsin leigeadh sí streancán eile aisti, agus gach streancán leigeadh sí aisti, cheapfá uirri go raibh an meadhchan mór úd a bhí ar a croidhe ag éirge dhe agus ag teacht aníos ’n‑a sgórnaigh. Rachainn-se chuici le n‑a sásughadh muna mbéadh gur cheapas go mb’fheárrde í an gol. Chon­naiceas mná ag caoineadh cheana agus is mór an mhaith a rinne sé dhóibh….

Chuir sí cosg léithi féin faoi dheireadh. Is dócha go raibh codladh ag teacht uirri. Bhíos féin ag tuitim ’mo chodladh nuair a thugas faoi deara go raibh solus ’san seómra a bhí thíos fúinn. Ní raibh idir an dá áit acht na cláracha, agus bhí an solus ag teacht aníos thríd na siúnt­achaibh. Stábla a bhí fúinn, agus choinnigh torann na gcapall a bhí dhá seóladh isteach ann, thar éis a bheith ag obair dóibh i gcaith­eamh na hoidhche, ó chodladh mé go raibh sé beagnach ’n‑a lá.

Ní cheapfá ar an mnaoi mhóir ruaidh ar maidin go ndeárna sí gol ariamh. Bhí sí chomh meidh­reach leis an bhfuis­eóig a bhéadh i n‑áirde ’san spéir, agus chomh troigh-éasgaidh leis an gcaislín cloch ag gléasadh proinne dhí. Ní rabhas féin acht idir codladh agus dúiseacht nuair chualas ag casadh amhráin í, agus í i mbun na hoibre ar feadh an achair.

Nuair a bhí an biadh caithte againn bhí sé ag tarraint ar an deich a chlog. Chuamar amach go n‑ólfadh sinn an [ 33 ]deoch deir­eannach le chéile. Bhí sgata ban ’san teach óil, agus ar ndóigh bhí togha na haithne aca ar an mnaoi mhóir ruaidh. Ní rabhamar i bhfad ann go ndeacha sí amach. Bhí dearmad déanta aici ar rud eicínt ’san seómra.

Thosuigh na mná ag cur síos uirri. Bhí togha aithne uirri ’san gcomhar­sanacht. Nár shábháil sí triúr a bhí dhá mbáthadh ’san abhainn? Nach bhfuair sí moladh mór ar a shon? Agus teisteas ó dhream daoine a chuir suim ’san obair sin? Fuair go dearbhtha—acht go raibh an teisteas—bonn óir a bhí ann—ólta i bhfad ó shoin. Sin a raibh de locht ar Mhag Mhór mar thugadar uirri. Agus oidhche eile nuair a bhí, capall mire ag imtheacht thríd an tsráid ar cosa­náirde, nár rug sí air agus nach gcoinn­eóchadh sí é, freisin, marach gur thuit sí agus bhris sí a cos? Agus an póilidh a leag sí oidhche a bhí sí ar meisge! Is as an ngníomh sin a bhíodar ag baint an ghrinn! Nár shuidh sí ar a chliabh­rach, agus le teann dánuigh­eacht’ nár bhain sí fead as an bhfeadóig a bhí ’n‑a bhrollach aige?

Tháinic sí féin isteach, agus chuir sin cosg leis an gcaint.

Bhí orm féin bheith ag imtheacht. Bhéadh an fear beag buidhe ag fuireacht liom. D’fhágas slán agus beannacht ag an mnaoi mhóir ruaidh, agus d’imthigh liom go deifreach. Acht is iomdha uair ’n‑a dhiaidh sin a chuimh­nigheas uirri, is iomdha uair a cheapas cuairt a thabhairt ar an mnaoi mhóir ruaidh úd a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach. Bhí sé i ndán dom í fheiceál arís.

Bhí an fear beag buidhe rómham ’san teach ósda.