Page:Deoraidheacht (1920).pdf/33

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
33
Deoraideacht

deoch deir­eannach le chéile. Bhí sgata ban ’san teach óil, agus ar ndóigh bhí togha na haithne aca ar an mnaoi mhóir ruaidh. Ní rabhamar i bhfad ann go ndeacha sí amach. Bhí dearmad déanta aici ar rud eicínt ’san seómra.

Thosuigh na mná ag cur síos uirri. Bhí togha aithne uirri ’san gcomhar­sanacht. Nár shábháil sí triúr a bhí dhá mbáthadh ’san abhainn? Nach bhfuair sí moladh mór ar a shon? Agus teisteas ó dhream daoine a chuir suim ’san obair sin? Fuair go dearbhtha—acht go raibh an teisteas—bonn óir a bhí ann—ólta i bhfad ó shoin. Sin a raibh de locht ar Mhag Mhór mar thugadar uirri. Agus oidhche eile nuair a bhí, capall mire ag imtheacht thríd an tsráid ar cosa­náirde, nár rug sí air agus nach gcoinn­eóchadh sí é, freisin, marach gur thuit sí agus bhris sí a cos? Agus an póilidh a leag sí oidhche a bhí sí ar meisge! Is as an ngníomh sin a bhíodar ag baint an ghrinn! Nár shuidh sí ar a chliabh­rach, agus le teann dánuigh­eacht’ nár bhain sí fead as an bhfeadóig a bhí ’n‑a bhrollach aige?

Tháinic sí féin isteach, agus chuir sin cosg leis an gcaint.

Bhí orm féin bheith ag imtheacht. Bhéadh an fear beag buidhe ag fuireacht liom. D’fhágas slán agus beannacht ag an mnaoi mhóir ruaidh, agus d’imthigh liom go deifreach. Acht is iomdha uair ’n‑a dhiaidh sin a chuimh­nigheas uirri, is iomdha uair a cheapas cuairt a thabhairt ar an mnaoi mhóir ruaidh úd a raibh éadan uirri mar bhéadh ar Impire Rómhánach. Bhí sé i ndán dom í fheiceál arís.

Bhí an fear beag buidhe rómham ’san teach ósda.


VIII.

Támuid ag tabhairt turais na hÉireann faoi láthair—mé féin agus an fear beag buidhe agus a chuid uathbhás agus a chuid iongantas agus a chuid beith­idheach allta. Tá an Mhumhain siubhalta againn, gach uile bhaile ann