Page:Deoraidheacht (1920).pdf/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
30
Deoraidheacht

“Agus maidir leat-sa, a Mhicil,” ar sise, “shíleas go raibh ciall agad, shíleas sin. Tá freisin—marach an t‑ól. Mise tá ’ghá rádh, acht is agam-sa is fearr é. Ní fhéad­faidh tú a dhul abhaile anois. Tá an bóthar fada. Tá an ceó go millteach. Agus táir beagnach ólta … caithfidh tú theacht i n‑éindigh liom-sa anocht. Beidh pluid agad cois teineadh go maidin. Beidh tú go compóir­teach ann. Bímís ag imtheacht i n‑ainm Dé. Nach millteach an oidhche í? Go sábh­áilidh Dia sinn! Ná bac leis an rotha, a Mhicil. Tiom­áinfidh mise thú. Sin é an chaoi!”

Thiomáin sí an chathaoir bheag rothach roimpi. Cheapfá gur páisde bhí ionnam féin agus gurab ise mo mháthair.


VII.

Shroicheamar áit chomh­nuidhthe na mná móire ruaidhe. Seómra mór folamh i mbárr tighe a bhí aici. Cheapfá i dtosach go raibh sé folamh i ndáir­íribh, acht ní raibh. Bhí leabaidh ann, cineál leapthan; stól fada cois balla, acht maidir le bórd ná gréithre ná deis le biadh a ghléasadh, ní raibh a rian ann.

Anois agus arís, beireann sí ar mo láimh, agus tosuigh­eann sí ’ghá cuimilt go lághach carthann­ach mar chuim­leadh mo mháthair fad ó í, agus mé ’mo pháisde. An cuthach a bhí orm amuigh ar an tsráid, agus mé ag dul amudha ’san gceó, tá sé imthigh­the. Ní’l a rian orm anois. Táim chomh ciúin agus chomh lághach gean­amhail grádhmhar le