leanbh. Leagann an bhean mhór ruadh lámh ar mo leacainn—ar an leacainn úd a milleadh. Ní chuireann a gráinneacht aon ghráin uirri-se. Déarfá gur mó an cion atá aici orm mar gheall air, agus le solus na teineadh feicthear dhom go bhfuil truaigh—go bhfuil an-truaigh aici dom. Truaigh mar bhéadh ag mo mháthair dhom dá bhfeiceadh sí anois mé. Leigim siar mo cheann ar a gualainn agus mo dhá shúil dúnta agam. Cheapas, ar feadh aon nóiméidín bhig amháin, gurab í mo mháthair a bhí agam ann, agus nach raibh ionnam-sa acht páisde….
Tá an teine ídighthe beagnach. Ní ar an stól atáim anois acht ’mo luighe ar an urlár agus sean-phluid ó leabaidh na mná móire ruaidhe, mo thimcheall. Ise ’n‑a suidhe lem’ ais ar an urlár ag iarraidh an brón mór a bhí ag teacht orm an ath-uair a dhíbirt. Ní maith léithi mé fheiceál faoi bhrón. B’fhearr léithi an fhearg féin ná é sin. Tosuigheann sí ag crónán ós íseal:
- “Seo mar a chuirinn mo leanbh ’a chodladh,
- I gcliabhán óir ar urlár shocair,
- nó….”
Ní thig léithi an chuid eile de’n rann a chríochnughadh, acht ní chuireann sin aon bhac uirri. Dubhairt sí cúpla focal nach raibh mórán céille ionnta, acht a d’fheil do’n rannaidheacht, agus chríochnuigh sí annsin é:
- “…agus an ghaoth ’ghá bhogadh.”
Dubhairt sí an méid sin arís agus arís eile go rabhas beagnach ’mo chodladh. Cheap sise go rabhas ’mo chodladh i gceart, mar d’éirigh sí go héasgaidh, agus chaith sí í féin ar an leabaidh. Ní raibh uaithi acht codladh a chur orm féin leis an gcrónán.
Dhúisigheas. Bhí solus beag ag teacht ó’n teinidh fós. Bhí an ceó ag teacht isteach thríd an bhfuinneóig, agus thríd an