Page:Deoraidheacht (1920).pdf/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
32
DEORAIDHEACHT

doras, agus anuas thríd an simné. An chathair mhór ’n‑a tost, acht go gcloisfeá fuaim anois agus arís, agus nach mbéadh fhios agad cé as a dtáinic sé, acht go gceapfá go raibh an fhuaim sin ar-achar uait—go gceapfá go raibh sí na mílte míle uait, dá n‑abruígh­theá é.

Ní raibh an bhean mhór ruadh ’n‑a codladh. Bhí aghaidh tugtha aici ar an mballa, agus í ag gol go trom. Uaireanta, cheapainn nach ag gol a bhí sí ar chor ar bith, acht gur meadhchan mór a bhí ar a croidhe, agus gur ag iarraidh a chaith­eamh dhi a bhí sí. Bhíodh sí an-chiúin, ar feadh tuairim ’s dhá nóiméid, agus annsin leigeadh sí streancán eile aisti, agus gach streancán leigeadh sí aisti, cheapfá uirri go raibh an meadhchan mór úd a bhí ar a croidhe ag éirge dhe agus ag teacht aníos ’n‑a sgórnaigh. Rachainn-se chuici le n‑a sásughadh muna mbéadh gur cheapas go mb’fheárrde í an gol. Chon­naiceas mná ag caoineadh cheana agus is mór an mhaith a rinne sé dhóibh….

Chuir sí cosg léithi féin faoi dheireadh. Is dócha go raibh codladh ag teacht uirri. Bhíos féin ag tuitim ’mo chodladh nuair a thugas faoi deara go raibh solus ’san seómra a bhí thíos fúinn. Ní raibh idir an dá áit acht na cláracha, agus bhí an solus ag teacht aníos thríd na siúnt­achaibh. Stábla a bhí fúinn, agus choinnigh torann na gcapall a bhí dhá seóladh isteach ann, thar éis a bheith ag obair dóibh i gcaith­eamh na hoidhche, ó chodladh mé go raibh sé beagnach ’n‑a lá.

Ní cheapfá ar an mnaoi mhóir ruaidh ar maidin go ndeárna sí gol ariamh. Bhí sí chomh meidh­reach leis an bhfuis­eóig a bhéadh i n‑áirde ’san spéir, agus chomh troigh-éasgaidh leis an gcaislín cloch ag gléasadh proinne dhí. Ní rabhas féin acht idir codladh agus dúiseacht nuair chualas ag casadh amhráin í, agus í i mbun na hoibre ar feadh an achair.

Nuair a bhí an biadh caithte againn bhí sé ag tarraint ar an deich a chlog. Chuamar amach go n‑ólfadh sinn an